Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/74

This page has not been proofread.
68
CATILÍNA

Nuair a ḃíodar Ċóṁ cóṁgaraċ d’á ċéile agus go ḃféadfaḋ luċt na ngaṫana an caṫ do ṫosnú, isé rud a deineaḋ ar gaċ taoḃ 'ná Liú do ċur suas agus na meirgí do ṡáḋ ċun a ċéile, na gaṫana do ċaiṫeaṁ ar an dtalaṁ agus na claiṁte d’oibriú. Do ḃrúiġ na fir ċruaḋa i.steaċ go dian, mar ba ṡeana ḃéas leó. Do seasuiġeaḋ ’n-a gcoinniḃ gan órlaċ a ṁaiṫeaṁ dóiḃ. Do lean an gleic go feilimionta. Ḃí Catilína agus rainnt d’ḟearaiḃ éadtroma n-a ṫeannta sa ḃfrioṫġuin agus é ag caḃrú Leis an t-é n-a mbíoḋ an brúṫ air, agus ag cur fir ṡláin i n-mead fir ġunta, ag taḃairt aire do gaċ ní agus ag troid ċóm maiṫ le h-aoinne, agus naṁaid aige ’á leagaḋ go minic. Gnó fir cóṁraic agus gnó fir cinn riain aige -’á ḋéanaṁ i n-aonḟeaċt. Nuair a ċonaic Petreius Catilína ag déanaṁ na ngníoṁ ċóṁ cuṫaiġ ní ná raiḃ coinne aige leis, d’órduiġ sé an cóhort praetóriaċ isteaċ i lár an naṁad. Do ḃriseadar san an naṁaid agus do sgaipeadar iad agus do leagadar iad. Ansan do tugaḋ agaiḋ ar an dá .ṫaoḃ. Do ṫuit Manlius ar ṫaoḃ agus an fear ó ḞaesuLae ar an dtaoḃ eile agus iad sa ḃfrioṫġum. Nuair a ċonaic Catilína a ṡluaġ sgaipiṫe agus é féin fágṫa, gan aige aċ beagán, ċuiṁniġ sé ar a ṡín- sear uasal agus ar an onóir a ḃain leis. Do riṫ sé isteaċ i mbrúṫ a naṁad agus do ṫroid sé go dtí gur ṫuit sé.

LXI. Aċ tar éis an ċaṫa iseaḋ do conaċṫas cad e an dánaċt agus cad é an neart aigne a ḃí i sluag Ċatilína. Mar an fód ar ar ṡeasaiṁ gaċ fear acu, náċ mór, i dtosaċ an ċóṁraic, b’ṡmé fód a ċlúdaig a ċorp nuain a ḃí an t-anam