Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/13

This page has been proofread.

7

toil Dé é; aċt anois adeir siad gur galar atá ós a gcionn dálṫa gaċ aon rud eile, an duine agus an beaṫaiḋeaċ agus na barraí. Níl aon ġalar ná fuil a leiġeas féin dó.

S.—Agus an mbíonn aon ċeann duḃ orra tar éis an stuif seo do ċur amaċ orra?

F. ó’n R.—Well, an méid ċuir amaċ anuraiḋ é, do ċuaiḋ sé go han-ṁaiṫ ḋóiḃ. Ní adeirim ná raiḃ fo-ċeann duḃ aca. Naċ mór an níḋ an ċuid is mó díoḃ do ṫeaċt slán tar éis a ḃfuil dá nduaḋ faġṫa againn?

S.—Is dóċa go ḃfuil obair an doṁain ag baint leo mar ṗrátaí.

F. ó’n R.—Ó ṁaiseaḋ, is aṁlaiḋ atá an sgéal, atá an ḃliaḋain caiṫte agat leo, agus b’ḟéidir go minic saoṫar na bliaḋna i do ċoinne.

S.—Is aindeis an sgéal é sin, agus is dóċa naċ é sin an ċuid is measa ḋé.

F. ó’n R.—Ní hé, ṁaiseaḋ. An ḃfeiceann tú an ṗáirc eorna[n] sin agus í ar fad sínte ag gaoiṫ agus ag fearṫainn.

S.—Ní ḟeadar an éirġeóċaiḋ sí arís?

F. ó’n R.—Atá a cuid éirġe déanta aici.

S.—Agus ná fuil aon ṁaiṫ anois innte?

F. ó’n R.—Ó, déanaḃam [de aon am—De H.] ḃíos. Dá dtiocfaḋ puiṫín gaoiṫe do ċuirfeaḋ ’n-a seasaṁ í, ḃí sí ó ḃaoġal. Níl baoġal uirre ó’n uair aṁáin atá sí eascarṫa. Dá dtiocfaḋ an teas agus an broṫall aibeóċaḋ sé í.

S.—Cairdé an rud é eascarṫa. Ní ṫuigim an focal sin.

F. ó’n R.—Sé rud é sin naċ [aċt] an gráinne do ḃeiṫ le feicsint ann. Féaċ ar an neanntóig sin. Atá sin eascarṫa. Aon arḃar atá tar éis teaċt amaċ as an dúbail [inteaċ] atá sé eascarṫa.

S.—Ó, tuigim anois. Is fearr ḋam ḃeiṫ ag cur ċum bóṫair. Atá an scoil ar siuḃal anois. Do-ċím