Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/16

This page has been proofread.

10

S.—Agus an leigfeá leat mé?

I.—I mbasa leigfead agus fáilte, agus má ṫagann aon tinneas fairrge ort, sé an tinneas is luġa ċuir ar duine riaṁ é.


VI.

Sioḃán.—Dia agus Muire ḋíḃ annso.

Máire.—Dia agus Muire ḋuit agus Pádraig. Is mór an raḋarc do ṡúiliḃ tinne tú d’ḟeicsint, nó ní ḟeadar cad ḋeineamar as an t-sliġiḋ ort. Ní ḟacamar leis na ciantaiḃ ṫú.

Sioḃán.—Masa níor ḋein siḃ dada. B’ḟearr ḋam mo láṁ do leagaint [leagaḋ] ar seo. Bail ó Ḋia ar an obair, in ainm an aṫar, an ṁic ’s an spioraid naoiṁ. Atá an sean-nós agaiḃ-se i gcoṁnuiḋe.

Máire.—Maite, nós ḃí ag ár n-aṫair ag ár máṫair agus a ġaḃ roṁainn. Ní ḃeiḋmíd-ne go deo ċoṁ maiṫ leo.

Sioḃán.—Masa, a ḃean an tiġe, is mór an mórtas cuigeann d’feicsint. Is iongantaċ d’iontaiġ an saoġal amaċ ar fad agus ar leaṫad.

Máire.—Masa, sin é mar atá, inġean ó, gaċ aon rud ag dul ar an tsaorgáid [saorḋáil].

An Scoláire.—Cia aca ḋéarfá is fearr ḋíolfaḋ do ṫuarastal leat?

Máire.—Cad dó atá tú dá ṫagairt sin.

An Scoláire.—Atá mé ag tagairt do tiġ an uaċtair agus do’n t-sean-láṁ.

Máire.—Ó, seaḋ, anois ṫuigim tú. Níor ṫástáil mé riaṁ fós teaċ an uaċtair. Ḋéarfaḋ daoine leat gur fearr ḋíolfaḋ teaċ an uaċtair do ṫuarastal leat ná an t-sean-ṡliġe, iad so ḃfuil an dá ṡliġe tástálta aca.

Sioḃán.—Maite creidim go ḃfuil briste ar an gcuiginn. Ḃfuil Nóra annsin? Abair léiṫe brostu-