Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/21

This page has been proofread.

15

aċt is dóiġ go ḃfuiġḃinn é ḋéanam dá dtaisbeainfeá ḋam é.

Spealadóir.—Ó ṁaiseaḋ a ṁic ó is fearr ḋuit an ċéird [ċeárd] atá agat.

B. Ċ.—Beir mar sin uirre agus buail isteaċ le d’ ċosaiḃ í. Tarraing anois a dó nó ar trí ḋe laistíḃ ḋé agus déan cuiḃreaċ díoḃ. Coiméad ceann an laiste id’ láiṁ ċlé. Bain casaḋ aiste annsin, buail ṫimceall na punanna anois í. Snamnaig [snaiḋm] anois í. Maiṫ an buaċaill tú. Caiṫ de ṫiar [ar an taoḃ ṫiar] díot anois é.

Spealadóir.—An té ḋéanann an obair is fiú luaċsaoṫair do taḃairt dó. Caiṫfimíd cuireaḋ do ṫaḃairt duit lá buailte an arḃair.

Na Mná. -Ó ṁaiseaḋ, caiṫfimíd. Atá deallraḋ ceart rinnceóra air. Atá an ċois [ċos] go héadtrom aige ar aon ċuma.

Scoláire.—Ní ḟeadair aoinne caidé an áit de’n doṁan in a mbéinn-sé an lá sin.


VIII.

Gearrċaile.—Gaḃ [an] ċraoḃ, gaḃ [an] ċraoḃ!

An Ṁáṫair.—Caiṫ uait an ċoindleoir agus an sgian anois, atá siad i gcrann. A Ċáitín, rioṫ isteaċ agus taḃair ċuġam amaċ mo ṡean-ḟalaing atá istiġ ar an ráca, go leaṫaimíd anuas orra é go dtiucfaiḋ an fionn-ḟuaras um ṫráṫnóna.

An Scoláire.—Caidé an ċúis díḃ ḃeiṫ ag bualaḋ na coindleora nuair do ḃí na beaċa ag imṫeaċt?

An Ṁáṫair.—Ċum an saiṫe do ċur i gcrann. Is dóċa go gcuireann an ceol sáṁán orra ċum luiġe ar an gcrann.

An Scoláire.—Ná déanfaḋ aon ḟocal eile iad aċt na focail sin, “gaḃ [an] ċraoḃ, gaḃ [an] ċraoḃ”?

An Ṁáṫair.—Ní ḋéanfaḋ, mar ná taḃarfaidís