Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/26

This page has been proofread.

20

a ḃfuil gráḋ agam dó, buailfiḋ mé air.” Agus annsin do ḃuaileaḋ sé buille sa ċeann ar duine aca agus d’éiriġeaḋ seisean agus do leanaḋ sé isteaċ a’s amaċ, sior a’s siar é, nó go mbeireaḋ sé air. Do ṡuiḋeaḋ an ċéad duine annsin agus do ṫéiġeaḋ an ceann eile ṫimċeall ag déanaṁ an ċleasa céadna. Agus mar sin dóiḃ ó ḋuine go ċéile go mbaḋ ar an duine deiḋeanaċ do ḃeaḋ an tóir do ċur orra agus baḋ ḋóiġ leat go mbrisidís a gcosa ag teiċeaḋ roiṁe. B’ait leis an scoláire an cleas sin agus mar do b’áil leis duine dá ṁíniuġaḋ ḋó rug sé ar an gceann deiḋeanaċ díoḃ agus do ċuir d’ḟiaċaiḃ air an ċeist do réiḋteaċ dó.

An Scoláire.—Agus an ḃfuil aon cluiċe eile agaiḃ dá iongnais sin.

An Buaċaillín.—Atá ṁaiseaḋ, carn. Atá “sgaoileaḋ an uisge,” “geataí árda” agus “girrḟiaṫ amaċ” dóbair go gcuidfeaḋ “girrfeaḋ amaċ” deireaḋ liom lá de’m ṡaoġal. Do ḃíos im ġirrḟiaḋ agus duine eile im ḋiaiḋ mar ċú, do ḃíos ag rioṫ ċoṁ mear le heagla go ḃfuiġḃṫí greim orm gur ṫuiteas i ndiaiḋ mo ċinn síos i bpoll agus do ṡíleas go raḃas marḃ.

S.—Baḋ ḋóiġ le duine ort, a ġarsúin, go ḃfuil tú an-aosda.

B.—Gibé aos atá agam do ḃain sin dam.

S.—Agus ’dé ’n t-aos atá agat?

B.—Atá mé seaċt mbliaḋna ċum na feil’ Miċíl seo ċuġainn.

S.—Naċ léir atá tú ar d’aois?

B.—’Dé ċúis ná béinn? Nár airig mé mo ṁáṫair dá ráḋ an lá fá ḋeireaḋ go raiḃ dá bliaḋain ag Tomáisín orm. Agus atá seisean naoi mbliaḋna.

S.—Agus mo ḋearṁad, dóbair ná cuiṁneóċainn ar a ḟiafruiḋe ḋíot mar ġeall ar na cluiċṫiḃ eile. Innis dam cionnas ḋéanann siḃ “sgaoileaḋ an uisge.”

B.—B’féidir go mbeaḋ fiċe duine againn ann agus