Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/32

This page has been proofread.

26

Uilliam Ṫaḋg.—Tusa, ro-ṁúirnín.

Nants.—Ṫugais t’eiṫeaċ, ro-ṁúirnín.

Uilliam Ṫaḋg.—Cad eile, ro-ṁúirnín?

Nants.—Fear ċúig ṗingne, fear ċúig ṗingne——.

Nóra.—Mise, ró-ṁúirnín?

Nants.—Tusa, ró-ṁúirnín.

Nóra.—Ṫugais t’eiṫeaċ, ro-ṁúirnín.

Nants.—Cad eile, ro-ṁúirnín?

Nóra.—Seán Dearg, Seán Dearg, Seán Dearg.—Tá paiste ort, a Ṡeáin Dearg. Do ḃí tu an ṫaḃail. Do ṡíl tú ná glaoḋfaiḋe ar t’ainm. Taḃair ċuġam sliogán an t-súġa.

Uilliam Ṫaḋg.—Féaċ caidé an rud é ḃeiṫ neaṁ-ṡuimeaṁail. Do ḃeireaḋ [rugaḋ] orm i gan ḟios dam. An dtosnóċaimíd arís leis?

Bean an Tiġe.—Caiṫiḋ uaiḃ anois é. Is fearr ḋúinn an paidirín páirteaċ do ráḋ. Sé an cleas is fearr é.


XIII.

“ḂFOLAĊ ḂFIAḊAG”

Cluiċe seaḋ "ḃfolaċ ḃfiaḋag" ḃíonn ag na leanḃaiḋ nuair ṫagann siaḋ amaċ ó an sgoil lá geiṁriḋ agus ḃíonn fuaċt orra. Do ḃeaḋ gasraḋ aca ann, agus an té baḋ ṁó aca mar ċeann ar an gcuid eile. Do ḃeaḋ "lurapoc, lárapoc" mar rann aige sin ċum iad go léir agus é féin do ċóiṁreaṁ. An té a dtuitfeaḋ an focal deiḋeanaċ air go ġeoḃaḋ sé a ċosa leis. Ar an dara cóiṁreaṁ, do raġaḋ duine eile, agus ar an tríoṁaḋ cóiṁreaṁ, agus mar sin go dtí ná beaḋ ann aċt aoinne aṁáin. Do ċaiṫfeaḋ seisean ḃeiṫ in a ḟiagaiḋ agus iompód isteaċ ar an ḃfalla agus a ḃasa do ċur ar a ṡúiliḃ, go dtí go raġaḋ an ċuid eile í ḃfolaċ i bpoill [bpollaiḃ] agus i bpóirsíḃ. D’fiafróċaḋ sé, “ḃfuil siḃ i ḃfolaċ?”