Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/41

This page has been proofread.

35

gcuairt agus gan í do leigint [léigean] ċum talṁan aon iarraċt aca. Déanfaiḋ sé é sin. Fiafróċaiḋ sé ḋíot caidé an dara gaisge ḋéanaid, agus abair-se leis guraḃ í a ḋá láiṁ do ċur ṫimċeall ar an gcuairt agus í d’iompoḋ i gcoinne na síne in gaċ aon taoḃ is maiṫ leo.”

Do ċuaiḋ Fionn Mac Cuṁaill sa ċliaḃán, agus ní riaḃ sé aċt sa ċliaḃán nuair ṫáinig Illionn Iolċroṫaċ isteaċ, an gaisgiḋeaċ.

“Dia ḋuit, a ḃean-ṫige Ḟinn Ṁic Cuṁaill.”

“Dia ’s Muire ḋuit,” arsa bean-tiġe Ḟinn Ṁic Cuṁaill.

“A ḃean-tiġe Ḟinn Ṁic Cuṁaill, an mbeaḋ aon rud agat ṫaḃarṫá le n-iṫe ḋam?”

“Atá sé dá ḃácáil agam,” aduḃairt an ḃean.

“Ó taḃair dam go mear é mar atá mé caillte ag an ocras.” Aduḃairt an ḃean an dara uair ná raiḃ sé ṫar leaṫ-ḃácálta.

“Atá sé go maiṫ,” aduḃairt seisean, “taḃair dam é.”

Do leig sí ċuige an ġreideall agus an t-arán bácálta ar gaċ taoḃ dé. Do ċuir sé órdóg a láiṁe deise fá ċúinne de an ngreideall, agus do ḃuail sé fá n-a ḟiacail é, agus do ċogann sé leis é. Do ḃí sé ag gaḃáil do an ngreideall riaṁ go dtí gur iṫ sé í go dtí cúinne beag.

Nuair do ḃí an gaisgiḋeaċ sásta d’ḟiafraiġ sé de an mbean-tiġe, caidé an ġaisge ḋéanann Fianna Éireann tar éis a ndínnéir. Aduḃairt sí sin leis gurab é an ḃró ṁuilinn a ḃí amuiġ annsin do ċaiṫeaṁ tar an gcuairt naoi n-uaire agus gan í do leigint [léigean] ċum talṁan aon uair aca. D’imṫiġ sé fá ḋéin na brón agus an ċéad iarraċt ḃain sé aiste ní ḟuair sé í do ḃogaḋ. An dara iarraċt ní ḟuair sé í do ḃogaḋ, agus an tríoṁaḋ hiarraċt do ṫóg sé í agus do ċaiṫ sé ṫar an gcuairt í le n-a láiṁ ḋeis agus do ġaḃ sé i n-a láiṁ ċlé ar ar dtaoḃ