Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/45

This page has been proofread.

39

aiḃ an doṁain. Do ċuir sé san mbarr buaḃaill go raiḃ gaisgiḋeaċ uaṫḃásaċ ag an ċúirt, agus do réir mar do ḃeaḋ Fianna Éireann ag teaċt gan aon ṗioc a ċuigint [ar biṫ] suime do ċur sa ġaisgiḋeaċ so. Do ṫosnuiġeadar ag teaċt annsin Fianna Éireann go léireaċ. Do b’ait le hIllionn Iolċroṫaċ a laiġead suim ḃí Fianna Éireann a ċur ann, agus a ṫréanaċt do ḃreis orra. Do ṡuiḋeadar go léir ċum dínnéir. Do ḃí fear ar Fiannaiḃ Éireann, a nglaoḋaidís Conán air. Sé ġeiḃeaḋ na cnáṁa go léir ar piocaḋ. Do ċaiṫeaḋ uḃall mairt treasna an ḃúird go dtí Conáin, agus nuair do-ċonnaic Illionn Iolċroṫaċ ag dul treasna an cnáṁ do ṫug sé snab air agus do ṫug Conán snab ó an taoḃ eile air. Do ḃíodar araon dá ṫarraing ó n-a ċéile go rinneadar ḋá leaṫ de an uḃall mairt eatorra. Do ċoiṁéad gaċ aoinne a raiḃ i n-a ḋorn dé.

“Is mór an seo liom,” arsa Coná, “tú, gibé áit ṫáinig tú as go mbeiḋṫeá ċoṁ droċ-ṁúinte agus go dtógfá amaċ as mo ḋorn rud do ḃéinn ċum a úsáid, agus níl ionat,” arsa sé, “aċt plundairéir bacaiġ,” dá ḃualaḋ leis an méiḋ do ḃí ina ḋorn de an ċnáṁ. D’éiriġ sé dá ċeann mar éireoċaḋ liaṫróid de falla. Sé an méid suime do ċuir Illonn Iolċroṫaċ sa ḃuille fuair sé aċt a láṁ do ċuir in áirde agus a ċeann do ṫocas dá ráḋ gurḃ ṁaiṫ an buille é, aċt ná raiḃ aon ṗioc suime aige féin ann. Mar sin do ḃí. Nuair do ḃí an dínnéar iṫte, d’imṫiġ Illionn Iolċroṫaċ amaċ, agus do ḃuail sé buille ar an gcuaille coṁraic. Aduḃart sé seaċt gcéad do ċur ċuige ar ṫaoḃ a láiṁe deise, agus seaċt gcéad ar ṫaoḃ a láiṁe clé, seaċt gcéad in a ḋiaiḋ aniar, agus seaċt gcéad roime amaċ, agus seaċt gcéad in aġaiḋ gaċ ċúinne ḃí ar a sgéiṫ. Do ġaḋ sé tríoṫa mar do ġeoḃaḋ seaḃac tré scata éanlaċt [éanlaiṫ] lá gaoiṫe nó dreoilín tré scata éanlaċa lá Márta.

Do rinne sé carnán dá gceannaiḃ agus dá gcos-