Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/46

This page has been proofread.

40

aiḃ, agus carnán mór dá gcorpaiḃ agus dá gcuid éadaiġ. Do ṁarḃ sé iad go léireaċ, agus do ḃuail sé an dara buille ar an gcuaille coṁraic, agus aduḃairt sé an cleas céadna do ċur amaċ ċuige. Do laḃair Fionn Mac Cuṁaill le hOscar, agus aduḃairt sé leis é féin do ḋul amaċ i gcoinne Illinn Iolċroṫaiġ an ċuid eile de an tráṫnóna. Aduḃairt Oscar leis ná raġaḋ, aċt é féineaċ do ḋul ann. “Agus is fada, a Ḟinn Ṁic Cuṁaill,” arsa sé, “atá tú ag cur uġdarṫáis orainn, agus anois,” arsa sé, “tástáil féin tú féineaċ an tráṫnóna so.”

“Go deiṁin, atá an gaisgiḋeaċ mór ró-ṁaiṫ ḋaṁsa,” arsa Fionn Mac Cuṁaill, “agus atá mé ró-aosta, agus a Oscair,” arsa sé. “Is mairg duit atá ’am ċur fá n-a ḋéin ċum troid leis, agus nuair ṁarḃóċaiḋ [muirḃfiḋ] Illionn Iolċroṫaċ mise,” arsa Fionn Mac Cuṁaill, “beiḋ siḃ go léireaċ marḃ as mo ḋiaiḋ. Mise do ḃí ag coiṁéad ḃúr gceann oraiḃ agus ḃúr gcion-ḃeaṫaḋ agaiḃ, aċt mar sin féin,” arsa sé, “raġaḋ mé fá ḋéin an ḟir ṁóir.” Do ċuir sé air a ċulaiḋ ċaṫa agus cruiḋ-ċoṁraic agus d’imtiġ sé fá ḋéin Illinn Iolċroṫaiġ, agus ba ḋeas an buaċaill é, Fionn Mac Cuṁaill, fá n-a ċulaiḋ caṫa agus cruaiḋ-ċoṁraic. Do ḃí sé cúig ṫroiġṫe agus fiċe ar aoirde, aċ má seaḋ ní raiḃ aon éifeaċt a ċuigint [ar biṫ] ann taoḃ le Illionn Iolċroṫaċ. Do ḃí sé deiċ dtroiġṫe agus dá ḟiċid ar aoirde, agus cúig ṫroiġṫe déag idir a ḋá ṡlinneán. Do rinneadar ar a ċéile mar do ḋéanfaḋ dá leoṁan buile nó dá ṁadra carnaoile. Do ḋéanfaidís ball bog de an mball cruaiḋ agus ball cruaiḋ de an mball bog. Do ṫarraingeóċaidís tobraċa [tobair] fíor-uisge, tré croiḋe na gcloċ nglas le foiréigean uilc agus urċóide ċum a ċéile. Do leanadar dá ċéile go dtí bárr an tráṫnóna go dtí go raiḃ Fionn Mac Cuṁaill ag teaċt corṫa, agus do leag Illionn Iolċroṫaċ fé ṫíos é. Do ḃí sgiaṫ ag Fionn Mac