Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/47

This page has been proofread.

41

Cuṁaill, agus nuair do ḃeaḋ baoġal marḃṫa air, do sgréaċfaḋ an sgiaṫ. Le n-a lin sin do sgréaċ an sgiaṫ. Nuair d’airiġ Oscar é, do ḃí geata agus trí fiċid geata idir é féin agus an cuaille coṁraic agus do léim sé an geata agus trí fiċid. Le linn ’s an buille do ḃeiṫ ag teaċt ar ṁuinnéal Ḟinn Ṁic Cuṁaill do ċuir Oscar a ċlaiḋeaṁ roiṁ an mbuille. ‚Taḃair ceart dó,” arsa Oscar le Illionn Iolċroṫaċ, “leig uait anois é,” arsa sé, “agus seasóċaiḋ mise in a áit an ċuid eile de an tráṫnóna.”

“Ṁuise,” arsa sé, “is beag an trioblóid liom tusa i n-a ḟoċair seo.” Fuair sé córda cruaiḋ cnáibe agus do ċeangail sé Fionn Mac Cuṁaill in áirde idir a ḋá ṡlinneán ar a ḋrom, agus do ċuaiḋ sé ag troid Oscair annsin. An té do raġaḋ ó íoċtar an doṁain go dtí uaċtar an doṁain ċum féaċaint ar ċaṫ agus ar ċruaiḋ-ċoṁrac is orra féin ba ċóir dul ag féaċaint. Do leanadar dá ċéile go raiḃ an ġrian ag dul fé. D’iarr Illionn Iolċroṫaċ sos ċoṁraic ar Oscar. “Atá laoċas agus obair ṁór déanta agus t’réis an lae agus atá uaim reasta d’ḟaġáil.”

“Ġeoḃaiḋ tú sin,” arsa Oscar.

“Atá mé tnáiḋte agat,” arsa sé le Oscar.

“Ná aduḃairt mise leat,” arsa Oscar, “nár ḃeag duit mé féin an ċuid eile de an tráṫnóna, agus gan é sin do ḃeiṫ ar do ḋrom agat.”

“Is díreaċ é,” arsa Illionn Iolċroṫaċ, “gurab é an ċuid is luige de Fiannaiḃ Éireann ar ḃuail mé fúṫa, agus is dóċa gurab iad na fir is fearr atá roṁam fós.”

Do ċuadar ċum reasta agus do ċaiṫeadar a suipéar i dteannta a ċéile agus do ċuaiḋ Illionn Iolċroṫaċ ċum codalta. Do ċuir Fionn Mac Cuṁaill a órdóg in a ḃéal agus do ċogain sé í go dtí an smior agus ó an smior go dtí an smúsaċ, agus do ḃain sé mar ḟios as an órdóig mara [muna]