Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/52

This page has been proofread.

46

“‘Dar mo láim-se ḋuit-se, a ḟir ṁaiṫ,’ arsa mise, ‘dá mbeaḋ a ḟios sin agam, ní ṁarḃóċainn [ṁuirḃfinn] aoinne agaiḃ. Teiḋir-se a ḃaile agus abair leis an Ríġ go ḃfaca tú Illionn Iolċroṫaċ agus go ḃfuil a inġean in a codlaḋ agus ná faġḃfaiḋe [fuiġḃtí] í d’ḟeicsint.’

“‘D’imṫig an fear leis a ḃaile, agus do ċuadas ṫar n-ais go dtí an buaċaill gaḃann. D’ḟiafruiġeas de an mbuaċaill gaḃann cia aca b’fearr leis teaċt liom féineaċ, nó fuireaċ [fanaṁaint] sa náisiún i n-a raiḃ sé ḃí buailte amaċ agam féin dó.

“‘Is fearr liom dul leaṫ,’ arsa an buaċaill gaḃann.

“Do ċuaḋas agus fuaireas mo ḃean, Réalṫa na Maoin, ḃí marḃ ag an sean-ġaḃa. Do ċeangaileas in áirde idir mo ḋá ṡlinneán í, agus d’imṫiġeamar, mé féin agus an ḃuaċaill gaḃann linn-ne tré an dúṫaiġ. Nuair do ċuaḋmar in imigcéin [in imċéin] ó ḃaile, aduḃairt go raḃas ag teaċt corṫa de an mnaoi. Aduḃairt an buaċaill gaḃann liom gur ċóra ḋam í do ċuir sa talaṁ mar do ḋéantaoi [do-ġníṫí] le n-a leiṫéid riaṁ.

“‘Dar mo láiṁ-se ḋuit-se, a ḃuaċaill gaḃann,’ arsa mise, ‘meireaċ mar is tú aduḃairt an ċaint liom, do ḃainfinn an ceann díot ar an áit a ḃfuil tú i do ṡeasaṁ. Mo ḃean ḃreáġ ḋeas,’ arsa mise, ‘Réalṫa na Maoin agus a fuair mé dá duaḋ, ní ċuirfiḋ mé sa talaṁ ċoiḋce í.’

“Do rinneamar ár reasta. Do ṡocruiġeas níos fearr ar mo ḋrom í. D’imṫiġeaṁar linn annsin, agus do ċuaḋmar go dtí bruaċ na fairrge. Do rinneas corraċán ar an áit sin. Do ċuaḋ-sa féin agus an buaċaill gaḃann agus Réalṫa na Maoin isteaċ innte. Aduḃart leis an mbuaċaill gaḃann agus sinn istiġ sa ċorraċán ċum imṫeaċta ċum fairrge.

“‘A ḃuaċaill gaḃann,’ arsa mise, ‘is dóiġ liom