Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/54

This page has been proofread.

48

poll atá annso ċuġat, agus mara [muna] gcoiṁéadfaiḋ tusa é sin daṁ-sa, beiḋ lá agus bliaḋain eile agam-sa ort-sa agus ar do ḃuaċaill.’ ‘Atá go maiṫ,’ arsa mise, ‘dá mbeaḋ na deaṁain aeraċa féin ann do ċoiṁéadfaḋ mise iad.’

“Do ċaiṫeamar linn an aimsear go raiḃ an ḃliaḋain caiṫte, agus do ḃí an lá dá ċaiṫeaṁ annsin.

”‘Seaḋ, a ṡean-ġaḃa,’ arsa mise, ‘ḃí seasṁaċ do do ṁargaḋ.’

“‘Bead ar an nóimeint,’ arsa an sean-ġaḃa. Ṫug an sean-ġaḃa leis rud ḃí aige cosṁail le feiréad. Ṫug sé mise leis, agus do ċuir sé an feiréad isteaċ i bpoll agus mise ar ḃéal an ṗoill agus aduḃairt sé liom an rud ċuirfeaḋ an feiréad amaċ as an bpoll, mara [muna] gcoiṁéadfainn é go mbeaḋ greim bliaḋna eile aige orm. ‘Atá go maiṫ,’ arsa mise. Is gairid do ḃíos nuair do léim rud amaċ ċuġam cosṁail le fiaḋ. Ṫugas iarraċt ar ḃreiṫ air. Do ṡleaṁnuiġ uaim sa tsliġiḋ ná fuaireas coiṁéad i mo láiṁ dé aċt dá ordóig a ċoise. Do ḃíos-sa féin agus é féin ag gaḃáilt dá ċéile, agus níor ḃféidir liom aṫ-ġreim do ḃreiṫ air go ceann i ḃfad, go dtí go ḃfuaireas sa deireaḋ ṫiar ṫall mo ḋá láiṁ do ċur ṫimċeall ar a ċaḃail, agus do ḃuaileas fúm ṫíos é de an iarraċt sin. Ṫáinig an sean-ġaḃa agus do ḃain sé braon fola as ḃárr a ċluaise. Ṫug sé leis Réalṫa an Maoin agus do ċuir isteaċ in a ḃéal trí braon dí, agus do ċuir sé in a súil í, agus do ċuimil sé dá cluasaiḃ trí braon eile dí. D’éiriġ sé aniar ċoṁ sleaṁain ċoṁ slán agus do ḃí sí riaṁ.”

Le n-a linn sin do ḃí sé in a lá, agus aduḃairt Illionn Iolċroṫaċ le Fionn Mac Cuṁaill gur le n-a ċuid bladaireaċt do ḃí díoġḃáil mór déanta aige ḋó, codlaḋ na hoiḋċe do ċur i muġa air agus laoċas mór do ḃí le déanaṁ indiu aige. “Ná aduḃairt tusa liom-sa,” arsa Fionn Mac Cuṁaill, “guraḃ in Éirinn do marḃaḋ do aṫair agus do