Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/58

This page has been proofread.

52

mé poll ann sa t-sliġiḋ go ḃfuiġḃiḋ tú ḃeiṫ ag féaċaint amaċ tríd orra agus do-ċiḋfiḋ tú cad ḃeiḋ aca.” “Era a inġin ó,” arsa an ṁáṫair, “do caillfiḋe de an ocras mé fá ċeann ḋá lá.” “Ní ċaillfear,” arsa an inġean, “mar cuirfeaḋ-sa an oiread bíḋ ċuġat agus déanfaiḋ tú.” Do ċuaiḋ sí go dtí an ḃean ḃoċt agus d’fiafruiġ sí ḋí an ḃfuiġḃeaḋ sí an cófra do ċur isteaċ sa ċistin go ceann cupla lá mar go raḃadar ċum ḃeiṫ ag bualaḋ an arḃair, agus go ndéanfaḋ sé an-ṁaiṫ dóiḃ é do ḃeiṫ as an t-sliġiḋ ḋóiḃ. Aduḃairt sísin léiṫe go ḃfuiġḃeaḋ agus fáilte. Do cuireaḋ mo ṡean-ċailleaċ isteaċ sa ċófra agus tugaḋ suas go dtí an teaċ eile é. Ní raiḃ a ḟios ag aoinne go raiḃ aon rud istiġ ann. I gceann na hoiḋċe nuair do ḃíodar ag iṫe a gcoda agus corcán breáġ de ṡeafaid beirḃṫe aca, d’ḟéaċ ceann de na páistíḃ síos mar a raiḃ an cófra agus do-ċonnaic sí mar do ḃeaḋ réilṫín ag lasaḋ tré an bpoll i gcliaṫán an ċófra. “Ó a ṁam, a ṁam,” ar sísin, “féaċ an réilṫín atá sa mbosca úd ṡíos.” “Éist, a sciuirse,” arsa an ṁáṫair, “cad do ṫaḃarfaḋ réilṫín annsin?” “Ó atá sé ann go deiṁin,” arsa an páiste. “Dar fiaḋ, ṁuise,” arsa an stracaire, “beiḋ a ḟios agam-sa cad atá ann,” ag dul síos agus ag tarraing an ḃéil-aspa agus do ṫóg sé suas an clár. Cad do ġeoḃaḋ sé istiġ ann aċt mo ṡean-ċailleaċ agus gan cniug innte. “Atáir annsin, a ṡean-ṫubaisteoir,” ar seisean “aċt ní ṫaḃarfair-se an sgéal a [do] ḃaile leat mar do ṡíl tú é do ṫaḃairt.” Fuair sé cnáṁ mór de ċeaṫraṁa na seafaide agus do ṡáiṫ sé siar in a béal í agus do ṫaċt sé í. Do ḋún sé anuas an clár arís agus do ṡocruig sé mar do ḃí sé roiṁe agus d’ḟág sé ann mo ṡean-léid.

I gceann ḋá lá annsin ṫáinig an inġean agus ṫug sí léiṫe an cófra a [do] ḃaile agus nuair d’oscail sí é, fuair sí a máṫair tar éis ḃáis istiġ ann. Do ṫuit