Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/60

This page has been proofread.

54

rioṫ sí isteaċ ag glaoḋaċ ar ḟear an tiġe dá ráḋ go raiḃ an t-sean-ḃean amuiġ agus go raiḃ na muca go léir marḃ aici. “I mbasa má’s fíor sin,” ar seisean, “marḃóċaiḋ [muirḃfiḋ] sí sinn féin sa deireaḋ.” Do ċuaiḋ sé amaċ, agus ’ar ndóiġ do ḃí sí ann. Do cuirfeaḋ arís an dara huair í, agus má ċuireaḋ do ṫóg an stracaire arís í. Ṫug sé leis í, agus do ċeangail sé in áirde i ndrom capaill ḃí sa stábla í. Nuair d’éiriġ an buaċaill ar maidin agus nuair oscail sé dorus an stábla siúd amaċ an capall. D’imṫig sé leis tré ċlaḋaċa agus réiḋte nó gur ċuaiḋ sé dá ḃascaḋ i gcorraċ agus sin mar fuaraḋ [friṫ] teaċt suas leis agus an t-sean-ċailleaċ ar a ṁuin aige. Do cuireaḋ annsin arís í agus ar ndóiġ ṫóg mo stracaire í agus do ċuir sé isteaċ i ḃfuinneoig an tseomra ċuca í in a bata-corraċ.

Nuair do-ċonnacadar annsin í aduḃradar gur fonn ḃí uirre iad féin do ṁarḃaḋ anois, agus do ḃí sgeiṁle croiḋe ar an inġean, mar ṡíl sí gur i dtaoḃ í do ċur isteaċ fa ċófra ḃí sí ag teaċt ċuca. Do cuireaḋ annsin an ceaṫraṁaḋ baḃta [uair] í agus aduḃairt an stracaire ná déanfaḋ sé a ṫuilleaḋ, go raiḃ cuid ṁaiṫ déanta anois aige orra, aċt go dtiocfaḋ sé i sliġiḋ eile orra. Do ċuaiḋ sé go dtí fear an tiġe agus do ḟiafruiġ sé dé cad do ṫaḃarfaḋ sé do an té ċuirfeaḋ an t-sean-ḃean sin gan ḃeiṫ ag teaċt ċuige. “Ó, a ṁic ó,” ar seisean, “aon rud ar aon ċor d’iarrfaḋ sé orm.” “Má seaḋ,” ar seisean, “an dtaḃarfá ḋoṁ-sa leaṫ an ṁéid atá agat go dtí lá do ḃáis agus do ċuid ar fad ó lá do ḃáis amaċ?” “Taḃarfad,” ar seisean, “mar atá eagla orm go marḃóċaiḋ [muirḃfiḋ] sí sinn féin.” “Caiṫfir-se é sin do ṫaḃairt dam-sa fá do láiṁ agus geallaim-se ḋuit go gcuirfead-sa a ṁalairt de ċúram uirri sin in áit ḃeiṫ ag teaċt ċuġat-sa.” Ṫug sé fá láiṁ dó mar iarr sé. “Seaḋ anois,” ar seisean, ”bí-se ar an taoḃ (is) amuiġ de ġeata na reilige ag [ar] an dá