Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/67

This page has been proofread.

61

sa maċa ag friṫeáileaṁ ar ḋíonadóir. Do ṫóg sé leis ar an sproinn mé agus do ċaiṫ sé in áirde ar ṁullaċ an tiġe mé agus ba ṁeasa ḋam an díonadóir ḃí in áirde ná a ḃfuaireas. Ṁardaiḋ [do ṁartraiḋ] seisean ar fad leis an ráca mé.” “Dar fiaḋ,” ar siad san, “is fearr ḋúinn fuireaċ uaṫa má’s mar sin atá an scéal.”

Nuair fuair Roibeárd imṫiġṫe é, “ní ḟeadar,” ar seisean, “cad atá san ualaċ so ċaiṫ sé uaiḋ.” “I mbasa, a Roibeáird,” arsa an cat, “atá airgead, mar is teaċ ropairí é seo.” Do ṫóg Roibeárd an t-ualaċ agus b’ḟíor do an ċat é. Is airgead ḃí ann. Ċoṁ luaṫ agus ṫáinig an lá aduḃairt Roibeárd go raiḃ sé ċoṁ maiṫ aca [dóiḃ] ḃeiṫ ag triall a ḃaile agus go raiḃ airgead go leor anois aige gan ḃuiḋeaċas dá leas-ṁáṫair. Do ċuadar a ḃaile agus sé an obair ḃíoḋ ag Roibeárd gaċ aon lá ná dul amaċ cois an ċlaiḋe féaċaint ar an airgead. Do-ċonnaic an leas-dearḃráṫair lá é agus do riṫ sé isteaċ go dtí a ṁáṫair. Aduḃairt sé léiṫe go raiḃ carn cnapaí deasa buiḋe ag Roibeárd. Do ċuaiḋ an leas-ṁáṫair amaċ i gan ḟios agus do-ċonnaic sí cad ḃí aige. Ṫáinig sí isteaċ agus do ḃuail sí a ḋá ḃais ar a ċéile agus aduḃairt sí go raiḃ carn airgid ag Roibeárd gibé áit in a ḃfuair sé é, agus geallaim-se ḋuit go raiḃ sí go maiṫ do Roibeárd as sin suas.

Sin é mo scéal-sa, agus má tá bréag ann bíoḋ. Sé an méid fuaras-sa dá ḃárr aċt stocaí bainne reaṁair agus bróga páipéir, agus fé’r [sul] ċuaḋas-sa go dtí an doras do ḃíodar imṫiġṫe de mo ċosaiḃ.