Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/7

This page has been proofread.

GREAS COṀRÁIḊ—AN MÉID SEO


I.

Fear ó’n Rinn.—Sé do ḃeaṫa ’sa dúṫaiġ seo.

An Scoláire.—Go mairiḋ tú slán.

F. ó’n R.—Cad as duit-se le do ṫoil?

S.—Ó Ḃaile Áṫa Cliaṫ ḋam.

F. ó’n R.—An fada ḋuit annso?

S.—Atá mé annso ó indé.

F. ó’n R.—An misde a ḟiafraiġe ḋíot cad ṫug ann ṫú?

S.—Ní misde, ṁaiseaḋ. Is ar lorg na Gaeḋilge atá mé.

F. ó’n R.—Má’ ’seaḋ, do ḃuail tú amaċ an áit ċeart; mara ḃfuiġḃiḋ tú annso í ní ar an áit ḃeiḋ an loċt.

S.—Ní heaḋ is dóċa, aċt i n-a ḋiaiḋ sin is deacair í d’ḟoġluim.

F. ó’n R.—Ó, in áit a ċéile raġaiḋ tú in a taiṫiġe.

S.—Raġaiḋ mé le congnaṁ Dé. Seo rud anois fuair mé annsin ṫall. An ḃfeadair tú ḋam caidé an Ġaeḋealg atá air?

F. ó’n R.—Ó, atá a ḟios go maiṫ. Sin “Circín na Tráġa.” Ar ndóiġ atá a ḟios ag gaċ aoinne annso caidé an ainm atá ar sin. Sin focal an-ċoitċianta annso.

S.—Má ’seaḋ ní focal ḃí agam-sa é. Agus cad ġlaoḋtar ar seo? (É do ṫaisbeáint rud éigin eile dó).

F. ó’n R.—Taisbeáin dam é. (Ag féaċaint dó air). Ó maiṫte, ní ḟeadar, naċ ait leat é? Níor airiġ mé riaṁ cad ṫugtar ar sin. Saġas éigin luiḃe is eaḋ é, agus is ioṁḋa rud ḟásann tríd [tré] an