Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/72

This page has been proofread.

66

ṫaoḃ fá ḋéin Ċraoiḃe, ċum í d’faġḃáilt le pósaḋ. Ní ḟéaċfaḋ aoinne ar Ġráinne, agus nuair do-ċonnaic an ṁáṫair é sin, níor ṫaiṫniġ sé léiṫe. B’ḟearr léiṫe go mbeaḋ Craoḃ díbearṫa as an tiġ aici, mar bíonn cuid de na leas-ṁáiṫreaċaiḃ go holc i gcoṁnuiḋe. Do ċuir sí Craoḃ lá ag teaċtaireaċt go dtí áit éigin nár ṫáinig aoinne riaṁ as gan amal éigin do ḃaint dó. D’ullṁuiġ sí cearc agus bocaire ċum iad do ḃeiṫ aici mar lón ar an mbóṫar. D’ḟiafruiġ sí ḋí cia aca b’ḟearr léiṫe an bairġean beag agus a beannaċt nó an bairġean mór agus a mallaċt. “Is mór an níḋ an ḃeannaċt,” arsa Craoḃ, “is fearr liom an bairġean beag agus do ḃeannaċt.” Ṫug an leas-ṁáṫair dí iad agus aduḃairt sí léiṫi ḃeiṫ ag bogaḋ ċum bóṫair. D’imṫiġ sí léiṫe agus do ċaiṫ sí gaḃáilt tré ṗáirc. Do ḃí bó annsin roimpe. “Dé ḃeaṫa id’ ṡláinte, a Ċraoḃ Ní Ḋuiḃne,” arsa an ḃó, “inġean na mná nár ċáin aoinne riaṁ agus nár ḃ’ḟéidir a cáineaḋ; crúḋ [bleaġ] deoċ agus ól deoċ agus caiṫ ḋá ḋeoċ ar an talaṁ.” Do rinne sí mar aduḃairt an ḃó léiṫe. Do ṡiuḃail an ḃó léiṫe treasna na páirce annsin. Do ḃí aḃall-ġort ar an taoḃ eile de an ṗáirc. Ċoṁ luaṫ agus do ċuaiḋ sí isteaċ innte do laḃair an t-aḃall-ġort léiṫe agus ċuir sí an fáilte céadna roimpe do rinne an ḃó. “Bain uḃall, iṫ uḃall,“ ar sí sin léiṫe, “agus caiṫ ḋá uḃall ar an talaṁ.”

Do ḃí sí ag siuḃal léiṫe nó gur ṫáinig sí ar ṫaoḃ bóṫair mar an raiḃ tobar. Do ṡuiḋ sí síos annsin ag iṫe ḋí féin agus do ċrom sí ag ól deoċ. D’éiriġ gruagaċ ar ḃarr an uisce. “Cíor a’s ionlaḋ a’s glan mé,” ar seisean. “Déanfad ċeana,” arsa Craoḃ, agus do rinne. D’éiriġ an dara ceann agus an tríoṁaḋ ceann agus do rinne sí an cleas céadna leo. Nuair ḃí sí ag imṫeaċt annsin uaṫa d’ḟiafruiġ an ċéad ċeann dí an ag imṫeaċt do ḃí sí gan buaiḋ