Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/73

This page has been proofread.

67

agus beannaċt uaiḋ féin. Aduḃairt sí sin nár eaḋ má ġeoḃaḋ sí é. “Ġeoḃair,” ar seisean, “agus is fiú tú é d’ḟaġḃáil. Sé an buaiḋ ṫaḃarfad-sa ḋuit dá ḃreáġṫaċt do ḃí tú ag teaċt go mbaḋ seaċt mbreaġḋa ḃeiḋ tú ag imṫeaċt.” D’ḟiafruiġ an dara ceann dí an rud céadna agus sé an buaiḋ ṫug seiseann dí aċt ceolta ḃeiṫ ṫimċeall uirre nár airiġ aoinne a leiṫéidí riaṁ gaċ aon lá faid a’s a ṁairfeaḋ sí. Ṫug an tríoṁaḋ gruagaċ buaiḋ dí cioṫ óir agus airgid do ṫuitim anuas uirre nuair do ḃeaḋ sí ag triall isteaċ ar dorus a háṫar. Do ġaḃ sí buiḋeaċas leo agus d’imṫiġ sí léiṫe fá ḋéin gibé teaċtaireaċt do ḃí uaiṫe.

Nuair ṫáinig sí a ḃaile agus do-ċonnaic a leas-ṁáṫair í ṫuit an lug-ar-an-lag aici nuair do-ċonnaic sí nár ḃain dí mar do ṡíl sí. Aduḃairt sí annsin go gcaiṫfeaḋ a hinġean féin dul ann arís mar do ṡíl sí do dtiocfaḋ sí ar mar ṫáinig Craoḃ.

D’ullṁuig sí cearc agus bocaire ḋí agus d’ḟiafruiġ sí ḋí cia aca b’ḟearr léiṫe an bairġean beag agus a beannaċt nó an bairġean mór agus a mallaċt. Aduḃairt sí sin gur ṁór an niḋ reiṁrse go dtógfaḋ sí an ceann mór agus an ṁallaċt. Fuair sí iad agus do ċuir sí ḋí. Nuair ṫáinig sí mar an raiḃ an ḃó, aduḃairt an ḃó léiṫe mar aduḃairt sí le Craoḃ. Aduḃairt sí sin ná déanfaḋ ná aon rud dá ṡórt. Níor stad an ḃó aċt ḋá haḋarcaḋ agus ḋá stollaḋ nó gur ċuir sí amaċ san aḃall-ġort í. Aduḃairt an ḃall-ġort léiṫe mar aduḃairt sí le Craoḃ agus aduḃairt sí ná déanfaḋ. Do líon an casán suas de seaċaiḃ agus calltarnaġail [cantarnaoil] sa t-sliġiḋ go raiḃ sí stolṫa, stracaiġte fé [sul] raiḃ sí amaċ as. Ṫáinig sí annsin go dtí tobar na ngruagaċ agus do ṡuiḋ sí ag iṫe. D’éiriġ an ċéad ġruagaċ ċúiċe. D’iarr sé uirre é do niġe, d’ionlaḋ agus do ġlanaḋ. Aduḃairt sí leis ná déanfaḋ. D’éiriġ an dara ceann agus an tríoṁaḋ ceann