Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/74

This page has been proofread.

68

agus ba ṁar a ċéile é, ní ṡalaċfad sí a láṁa leoṫa. Nuair do ḃí ag imṫeaċt d’ḟiafruig an ċéad ceann dí an ag imṫeaċt do ḃí sí gan buaiḋ uaiḋ féin. Aduḃairt sí sin naċ eaḋ. “Ṁaiseaḋ,” ar seisean “sé an buaiḋ atá mé a [do] ṫaḃairt duit aċt dá ġrándaċt do ḃí tú ag teaċt go mbaḋ ṁíle measa ḃeiṫ tú ag imṫeaċt.” “Sé an buaiḋ ṫaḃarfad-sa ḋuit,” arsa an dara ceann, “aċt ciaróga agus dearga-daoil [darḃ-daoil] do ḃeiṫ ag teaċt amaċ as do ḃéal an ḟaid a’s do ṁairfir.” “Taḃarfad-sa buaiḋ ḋuit,” arsa an tríoṁaḋ gruagaċ, “aċt cioṫ cloiċ-ṡneaċta do ṫuitim ort nuair ḃeiṫ tú ag déanaṁ isteaċ ar ḋorus d’aṫar nár ṫuit a leiṫéid as an spéir riaṁ agus ná tuitfiḋ go deo arís.”

Nuair do ċas sí agus do-ċonnaic a máṫair í “do ḋuiḃ agus do ṫeann” uirre agus ċaiṫfeaḋ sí Gráinne do ċuir fá ḃéal baraille ó ṡúiliḃ na ndaoine. Ní raiḃ sosaḋ uirre annsin go mbeaḋ Craoḃ díbearṫa aici i sliġiḋ éigin. Do leig sí uirre ḃeiṫ tinn agus aduḃairt sí ná raiḃ aon rud ċum í leiġeas go dtí go ḃfuiġḃeaḋ sí croiḋe agus ae Craoiḃe le n-iṫe. Do ḃí amadáinín beag san áit a dtugaidís Seáinín air agus do ċuir sí fios air. Aduḃairt sí leis go dtaḃarfaḋ sí ċúig ṗúint agus culaiḋ éadaiġ dó dá dtaḃarfaḋ sé Craoḃ leis amaċ sa ċoill agus í do ṁarḃaḋ, a croiḋe agus a hae do taḃairt a ḃaile ċuiċe, ná raiḃ aon rud eile ċum í do leiġeas. Aduḃairt Seáinín go ndéanfaḋ mar ṫáinig sainnt ċum an airgid air. Do ċuir an leas-ṁáṫair fá ḋéin luiḃeanna go dtí an ċoill í dar [lá ar] n-a ḃáraċ agus Seáinín in a foċair. Do ḃí maidrín ag Craoiḃ agus leanaḋ sé in gaċ aon áit í. Nuair ḃí sí féin agus Seáinín ag imṫeaċt tré an gcoill agus nuair ḟéaċaḋ sé uirre, do ċromaḋ sé ag gol. Nuair ċuiṁniġeaḋ sé ar an airgead, do ċromaḋ sé ag gáire. D’ḟiafruig sí ḋé cad ḃí air mar sin. D’innis sé dí cad aduḃairt an leas-ṁáṫair. “Nuair ċuiṁniġim ar aon ḃean