Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/75

This page has been proofread.

69

ċoṁ breáġ leat do ṁarḃaḋ, tagann caṫuġaḋ orm agus, nuair ċuiṁiġin ar ḃeiṫ ag faġḃáil an airgid, tagann áṫas orm.” “Inneosaḋ-sa ḋuit cad ḋéanfaimíd,” ar sí sin. “Marḃóċaimíd [muirḃfimíd] an maidrín agus taḃair a ċroiḋe agus a ae ċuiċe agus abair léiṫe gurab aṁlaiḋ ṁarḃ tú mise agus imṫeóċaiḋ mise ar mo aḋḃar féin agus ná innis do aoinne go deo mar ġeall orm.” Do rinneadar mar aduḃairt sí agus d’imṫig Seáinín a ḃaile agus áṫas air. Nuair fuair an leas-ṁáṫair an leiġeas, do ḃí sí go maiṫ annsin.

D’imṫiġ Craoḃ léiṫe. Do ḃí an déiḋeanaiġe ag teaċt agus do ṫuit sí corṫa. Do-ċonnaic sí tiġ [teaċ] uaiṫe ar ṫaoḃ aḃann agus do rinne sí air. Do ḃí an doras osgailte agus do ċuaiḋ sí isteaċ, aċ ní ḟaca sí aoinne ṫimċeall. Do ċuaiḋ sí sa seomra agus do ċaiṫ sí í féin i leaba ḃí ann. Triúr dearḃráṫar do ḃí in a gcoṁnuiḋe sa tiġe seo. Do ḃíodar an-ṁaiṫ sa saoġal. Daoine móra ba eaḋ iad. Ní ḋéanaidís aon rud aon lá aċt ag fiaḋaċ agus ag sealgaireaċt. Nuair do ḃíodar ag teaċt ċum an tiġe an tráṫnóna so ṫáinig slimpíní ar a gcroiḋe nuair d’airiġeadar an ceol breáġ ṫimċeall na cúirte. Aduḃairt an dearḃráṫair ba ṡine gurab í seo Craoḃ Ní Duiḃne má ṁair sí beo. Do ċuadar isteaċ agus rángaig [ránaig] gur in a ṡeomra féin do ḃí sí. Do ċuir sé an glas ar an doras agus aduḃairt sé le n-a ḃeirt dearḃráṫair gan cur isteaċ ná amaċ uirre go ndúiseóċaḋ sí gur ḋóċa go raiḃ sí corṫa.

Nuair do ḋúisiġ sí annsin níor leigeadar orra gur aiṫnoġeadar í. D’ḟiafruiġeadar dí cia aca maiġistreás do ḃí ag lorg seirḃísiġ nó seirḃíseaċ do ḃí ag lorg maiġistreása í. Aduḃairt sí sin gur seirḃíseaċ ḃí ag lorg maiġistreása í. “Is maiṫ mar ṫárla,” ar siad sin, “atáimíd gan aon seirḃíseaċ le seaċtṁain.” Do ṡocruig sí leoṫa annsin go ceann bliaḋna. Agus fé [sul] raiḃ an ḃliaḋain caiṫte aici do ṗós an mac ba ṡine í.