Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/76

This page has been proofread.

70

Ba ġairid do ḃí sí pósta nuair do ḃuail an t-amadáinín ṫimceall .i. Seáinín. Do-ċonnaic Craoḃ é agus ṫáinig sí amaċ fá n-a ḋéin agus ṫug sí léiṫe isteaċ é. Ṫug sí a ḋóṫain le n-iṫe agus le n-ól dó agus píosa airgid. Aduḃairt sí leis nuair do raġaḋ sé a ḃaile gan innsint do n-a leas-ṁáṫair go ḃfaca sí í féin.

Nuair do ċuaiḋ Seáinín a ḃaile ní ḟuair sé foiġne gan innsint do n-a leas-ṁáṫair go ḃfaca sé Craoḃ. “Do ṡíl mé, a Ṡeáinín,” ar sí sin “gur ṁarḃ tú í.” D’innis sé ḋí annsin guraḃ é an maidrín do ṁarḃ sé. “A Ṡeáinín,” ar sí sin, “do ḃí mo leanḃ an-ṁaiṫ ċum sníoṁa agus caiṫfiḋ mé tú do ċur le ruainne olna ċuiċe ḋéanfaiḋ stocaí geiṁriḋ ḋí.” Do rinne sí suas an olann. Ċuir sí biorán suain innte. D’imṫiġ Seán leis lá ar n-a ḃáraċ agus ṫug sé an olann do Ċraoḃ. Nuair do ḃí sí dá cárdáil, do ċuaiḋ an biorán fá n-a hiongann. Do ṫuit sí siar agus níor ḟan méam innte. D’imṫig na ceolta. Nuair do ḃí a fear agus a ḋearḃráiṫreaċa ag teaċt a ḃaile an oiḋċe sin b’ait leoṫa nuair nár airiġeadar na ceolta mar ba ġnáṫaċ. Nuair do ċuadar isteaċ fuaradar Craoḃ sínte agus gan cuaċ innte. Do ḃíodar go buaiḋearṫa mar do ṡíleadar gur tar éis ḃáis do ḃí sí. Do ḃí sí dá tórraṁ annsin. Nuair do ḃíoḋ ċum í do ċur sa ċófra ní leaigfeaḋ a fear aoinne sa seomra aċt é féin. Fuair sé stampa bata agus do ċuir sé sa ċófra é agus d’ḟág sé Craoḃ mar a raiḃ sí. Do ṫóg sé féin leis amaċ an cófra annsin agus do cuireaḋ í. Ní raiḃ cead ag aoinne dul sa seomra aċt é féin as sin amaċ.

Nuair do ṫaiṫiġeadar an ḃean tiġe annsin aduḃairt na dearḃráiṫreaċa leis ná raiḃ aon déanaṁ aca gan a leṫéid i gcoṁnuiḋe agus go gcaiṫfeaḋ sé pósaḋ arís. Ba ḋeacair leis é do ḋéanaṁ aċt do ḃí an-urraim aige ḋá ḋearḃráiṫreaċaiḃ agus níor ṁaiṫ leis diúltuġaḋ ḋóiḃ. Do ṗós sé cailín eile do ḃí