Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/11

This page has not been proofread.

3

deiṁin do ḃí obair ṁór agam d’iarraiḋ22 a láṁ do réiḋteaċ as na cloċaiḃ.23 Do ṡocraiġ mé suas innsin í insan sliġiḋ go ḃfuair mé a ḋá láiṁ do ċur ar mo ḋá ġualainn agus í d’árdaċ [árduġaḋ]24 ar mo ḋrom. Ní raiḃ sí aċt díreaċ socair agam agus mé ċum bogaḋ ċum siuḃail isteaċ nuair ṫáinig caisleán mór de ṫonn25 anuas orm agus meireaċ [muna mbeaḋ] go ḃfuair mé mo ḋá ċois do ċur i dtaca26 leis na cloċaiḃ agus breiṫ ar stollaḋ cloiċe [.i. cloċ a ḃfuigṫeá [feudfá] greim do ḃreiṫ uirri] do ḃí le m’ais, do ḃí mé féin agus í féin scua- baiġṫe amaċ insan ḃfairrge arís agus do ḃéinn-se ċoṁ báiḋte léi sin innsin. Nuair do ḃí sí istiġ agam ag bun na faille, doċuaiḋ mé in áirde insan ḃfaill agus do ḃain mé cúpla bacla maiṫ féir27 agus ṫug mé liom anuas é agus do ṡocraiġ mé fúiṫi go deas é. D’fág mé innsin í agus d’imṫig mé liom do ḃaile agus nuair doċuaiḋ mé isteaċ, d’innis mé do Ḃriġid, ṡin í mo ḃean,28 cad fuair mé insan tráiġ. Do ḃí Briġid in a codlaḋ agus d’éirig sí go luaṫ, léir29 agus aduḃairt sí gurḃ é an feall í d’fágḃáil ṫíos ar ċloċaiḃ na tráġa go maidin, agus “rioṫ [riṫ] suas,” arsa sí liom-sa, “agus taḃair leat anuas an t-asal agus tiuḃraimíd30 linn síos é féin agus an cairt go dti barr na faille agus tiuḃraimíd linn an ḃean aníos eadrainne i mbraiṫlín agus tiubraimíd linn a ḃaile í agus cuirfimíd isteaċ insan scioból sin amuiġ í agus doġeuna mise í do ṫonn- aċaḋ.” D’imṫiġeamair agus ṫugamair linn a ḃaile í, agus ba ṁór an obair dúinn é gan daḃt. “Ní ḟágfainn aon ainiṁ ort,” arsa Briġid agus do riġne í do ṫonnaċaḋ agus í do leagaint [leagaḋ] amaċ in áirde ar an mbórd.31 Do leaṫanaiġ an sceul amaċ innsin go raiḃ a leiṫéid faġṫa32 agus i gcionn ḋá lá seaḋ ṫáinig a muintear fá n-a déin, a fear agus a dearḃráṫair agus cóṁra agus coréiste [cóiste] aca ċum í do ṫaḃairt leó a ḃaile.