Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/12

This page has not been proofread.

4

Is í Briġid agus mé féineaċ [féin] do ċuir insan ċóṁrainn í. Nuair do ḃí sí insan ċoṁrainn innsin, d’ḟiarfaiġ33 an fear díom féin an ḃfuair mé aon ḟáinne ar na meurnaiḃ. Aduḃras leis go ḃfuaras, go raḃadar istiġ agam. “Taḃair amaċ na fáinní úd, a Ḃriġid,” arsa mise. Agus ṫug, agus do ṡín sí ċuige iad. “Anois,” arsa fear na mná báiḋte, “ó ḃíoḃar ċoṁ maiṫ agus do ḃíoḃar, bíoḋ an fáinne seo agat-sa, a ḃean an tiġe, a ḃfuil an ċaṫaoir óir air34 agus tiuḃra mé féin liom an ċuid eile aca. Agus seo,” arsa sé liomsa, “sin cuig ṗúnt agus fiċe duit féineaċ.” D’iṁtiġeadar leó innsin amaċ go Sean- Ṡasana go dtí cibé áit ab as iad. Agus níl aon oiḋċe ó ċoin doġeóḃainn-se ṫar an bpaiste sin ná fuiġḃinn rud éigin ann.

S.—I mbasa, do ḃí luaċ do scláḃaiġeaċta go maiṫ agat.35 An ḃfeadar tú cadé35a an saġas fear é?

T.—I mbasa, ní ḟeadar mé, aċt do réir mo ṫuairim ba é an rud é ná mar do ḃeaḋ captéin airm.35b

S.—Doċiḋeann tusa an doṁan iongantaisí ar an dtráig seo.36

T.—I mbasa, ní ḟeicim a oiread sin díoḃ in aon ċor. Aċt seo rud inneósa mé ḋuit. Do ḃí mé innso atá tamall de ḃliaḋntaiḃ ó ċoin le cruṫnuġaḋ [dorċugaḋ] na hoiḋċe,37 agus doċonnaic mé an moṫall mór duḃ ag bruġaḋ isteaċ, isteaċ, leis an ḃfaill,38 agus aduḃairt mé liom féin gur árṫraċ í39 ná raiḃ aoinneaċ uirri agus go rioṫfaḋ sí isteaċ ar na clo- ċaiḃ. Níorḃ fada ḋam gur airiġ [ċuala] mé an t-ancaire dá scaoileaḋ síos agus bád beag dá scaoileaḋ anuas, agus ṫug mé fá ndeara ceaṫrar fear ag preabaḋ isteaċ insan mbád agus siúd isteaċ iad go dtí lán mara.40 Ní raḃadar aċt istiġ nuair d’airiġ mé an foṫram ag teaċt anuas an ḟaill41 ar taoḃ ṫeas díom, agus do ḃrúiḋ mé mé féin isteaċ i gcuas fá leac ṁór cloiċe agus siúd amaċ an tráiġ iad ceaṫrar fear agus fear i ngaḃann [i ngéiḃeann]42 aca istig eatorra.