Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/15

This page has not been proofread.

7

duit.” “Ó ní ḃacfa mé leis,”14 arsa an garsún, “atá deiṫneas orm agus caiṫfe mé ḃeiṫ ag imṫeaċt. Corcán ṫuit anuas as an mbád uaim ó ċianaiḃ,15 agus ṫángas fá n-a ḋéin.” “Is dóċa,” arsa an sean-duine, “guraḃ é d’airiġ mé ag tuitim innsin amuiġ tamall ó ċoin.” “Is é,” arsa an garsún, “atá sé innso amuiġ.”

Ag iompóḋ ṫimċeall ċum imṫeaċta, ar a ḋul amaċ dó,16 cibé feuċaint ṫug sé, doċonnaic sé ceaṫrar cailíní óga ṫiar i seomra agus iarann in láiṁ gaċ duine aca. Nuair doċonncadar ag feuċaint orra é, do stadadar den obair agus do ċromadar ag gáire. “A ċailíní, ná cuirim-se ó n-ḃur n-obair do ḋeunaṁ siḃ.”17 “Ná bac leó sin, a ṁic ó,” arsa an seanduine. “Sin iad mo ċeaṫrar inġean-sa, agus sin é sliġe ṁaireaċtain atá aca niġeaċán agus deunaṁ suas18 don ċoitċeanntaċt ṫimċeall innso.” “Ó,” arsa an garsún, “an ḃfuil a oiread sin daoine innso.” “I mbasa atá, a ġarsúin,” ar sé sin. Ṫáinig eagla ar an ngarsún. Do ḃain sé stoṫaḋ as ann téid. Do ċeangail sé an corcán ar a ḃásta agus siúd suas leis insan mbád arís. Nuair doċuaiḋ sé suas d’fiarfaiġ na fearaiḃ [fir] de, cad do ċoimeud coṁ fada sin é, gur ṡíleadar gur báiḋte do ḃí sé. D’innis sé dóiḃ innsin cad doċonnaic sé agus ní ċreidfidís é. Aduḃairt sé leó ceann aca féin dul síos agus go ḃfeicfidís an rud ceudna. Aduḃairt ceann de na fearaiḃ, ṁaiseaḋ, go raġaḋ sé féin síos cibé rud baḋ ċor dó.19

Doċuaiḋ agus má doċuaiḋ, ní baoġal go ndeaċaiḋ sé ṫar an doras. Nuair doċonnaic sé an sean-duine beag foirḃṫe ag an teiniḋ, siúd suas leis ar an téid arís. Ba é b’fada leis a ċosa20 nó go dtí [go] raiḃ sé istiġ insan mbád arís agus aduḃairt sé leóṫa an bád d’aistriuġaḋ as an áit sin mar gur dóċa go raiḃ draoiḋeaċt éigin ar an áit sin, ráiḋte21 go raiḃ tiġ ṫíos fá an uisce. Aduḃairt fear an ḃáid, i mbasa