Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/30

This page has not been proofread.

22

duine.19 Doċuaiḋ an buaċaill a ḃaile le n-a haṫair innsin agus doċuadar go dtí an uaiġ mar ar ṡíl- eadar í seo do ḃeiṫ curṫa ann. Cad doġeoḃaidís ann naċ [aċt] sean-stumpa bata. Ṫángadar ṫar n-ais innsin go dtí tiġ [teaċ] an ḃuaċaill [ḃuaċalla] arís, agus aduḃairt a haṫair, ó ḃí an sgeul mar do ḃí sé, ná caiṫfeaḋ sí aon ḟear eile do ḃeiṫ aici go deóiḋ naċ aċt an fear ṫug leis saor sáḃálṫa í ó n-a naṁaid Do pósaḋ innsin iad. Do ṁaireadar go maiṫ i ḃfoċair a ċéile. Níor ċuaiḋ ní ḋeaċaiḋ sé fá ḋéin aon ċárta as sin suas.20


PUISÍN CÚIL AN HIARTA AGUS RÍ NA gCAT.1

Bí fear ann fad’ ó a dtugtaoi Ḃáitéir Breaṫnaċ air. Ḃí cúigear nó seisear cloinne aige.2 Ḃí sé ag dul go dtí an baile mór lá ċum bróga do ṫaḃairt ċuċa. Nuair ḋ’airiġ an cat iad dá ráḋ le n-a n-aṫair, bróga deasa do taḃairt ċuċa, do ṗreab sé féin as an gcúinne, “a Ḃáitéir,” ar sé sin, “an dtiuḃra tú bróga deasa ċuġam-sa?” Ṫáinig uaṫḃás ar an ḃfear, nuair do laḃair an cat leis agus aduḃairt sé go dtiuḃraḋ. Nuair doċuaiḋ sé go dtí an baile mór, d’innis sé do gaċ aoinneaċ cad duḃairt an cat leis, aduḃradar leis a ráḋ leis an gcat nuair do raġaḋ sé do ḃaile ná fuiġḃeaḋ feudfaḋ sé aon ḃróg do ṫaḃairt ċuige gan é do ṫaḃairt leis go dtí an greusaiḋe go dtógfaḋ sé a ṫuise3 ċum na mbróg do ḋeunaṁ ḋó. Nuair ṫáinig an fear a ḃaile. D’fiarfaiġ gaċ aoinneaċ de na páistíḃ ar ṫug [an dtug] sé bróga ċuċa féin, agus d’fiarfaiġ an cat de ar ṫug sé ċuige féin iad. Aduḃairt sé leis ná tug mar go gcaiṫfeaḋ an greusaiḋe a ṫuise do ṫógaint [ṫógḃáil], mar ná raiḃ aon ḃróg aige d’oirfeaḋ dó.4 "Conust [cionnas] raġad-sa ann," arsaiġ an cat, “stracfaiḋ na madraí mé, má ḃím ag siuḃal i t’ ḟoċair- se.” “Ní ḋiongnaid,”5 ar sé sin, "mar cuirfead-sa