31
T. —Ṁaiseaḋ, ní ḋiongnainn daḃt di, an t-aing-
ciseoir.
Nár ḟeice Dia ċoiḋċe gan bainne í ná a máṫaireaċa. Is é do ḃeaṫa-sa, a Ṡeamuis.
S. —Go maire tú, a Ṫaiḋg. Cionnas atá tú?
T. —Ó, atá mé ag dul i ḃfeaḃas, buiḋeaċas le Dia. Braiṫim mé féin an-ṁaiṫ anoċt. Atá na pianta im- ṫiġṫe as mo ċnáṁaiḃ. Innis dod ṁáṫair go ḃfuilim an-ḃuiḋeaċ dí.
S. —Inneósad. Buail síos ċuġainn nuair ḃeiḋ tú ábalta ar ġaḃáil amaċ. Caiṫfead-sa ḃeiṫ ag rioṫ arís. Atá sé déiḋeanaċ.
T. —Agus cadé an t-am é?
S. —Atá sé tar éis a deiċ.
C. —An mbeaḋ eagla ort insan oiḋċe, a Ṡeumuis?
S. —Do ḃeaḋ, ṁaiseaḋ, roinn scáṫ orm. Níor ṁaiṫ liom ḃeiṫ amuiġ ró-ḋeireannaċ.
C. —Níl aon deallraṁ agat-sa le "Seáan gan Éagla."
S. —Cia arḃ é "Seáan gan Eagla?"
C. —Fear do ḃí ann fad ó agus d’airiġeaḋ sé gaċ aoinneaċ ag tráċt ar eagla aċt ní raiḃ a ḟios aige cadé an rud é. Aduḃairt sé go gcaiṫfeaḋ sé é do ḋeunaṁ amaċ. D’imṫiġ sé leis agus do ḃí sé ag imṫeaċt gur ṫuit an oiḋċe air. Doċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ beag do ḃí ar ṫaoḃ an ḃóṫair agus d’iarr sé ḃeiṫ istiġ ar ḃean an tiġe. Aduḃairt sí sin go ḃfuigḃeaḋ agus fáilte, aċt nárḃ áit oireaṁnaċ dá leiṫéid do ḃeiṫ mar ná raiḃ aoinneaċ insan tiġ aċt í féin agus a hinġean. Aduḃairt sé gur cuma leis aċt go mbeaḋ sé istiġ ó ḋrúċt na hoiḋċe.
I gcaiṫeaṁ na hoiḋċe ḋóiḃ d’innis bean an tiġe ḋó cad do ḃí ag deunaṁ trioblóide ḋí féin. Ní raiḃ aici aċt an t-aon ḃóín aṁáin agus is é an méid do ḃí aici ċum seasaṁ na bó aċt inse inis ḃeag do ḃí innsin amuiġ agus go mbíoḋ sí pasálta gaċ aon ṁaidin. Ní raiḃ a ḟios aici cad do ḃí ḋá ḋeunaṁ.