Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/44

This page has not been proofread.

36


coileán con ċum na sean-ṁnaoi gur luaiṫe iad na ioná an siḋe gaoiṫe ar an gaḃáil siḋe agus do scaoileaḋ iad fá an ngleann mar a mbiḋeaḋ fuaim béim agus seilge agus do scaoileaḋ an ċu ḋuḃ in a ndiaiḋ. Fá n-a dul fá don ġréin do ċuir sí a spur isteaċ i n-a gcliaṫán agus ṫug sí an scannán amaċ ar a gcorp, gur ṁarḃ sí na trí fiċid deug coileán con. Ní raiḃ aon ċú innsin aca aċt aṁáin ḋá ċú do ḃí ag Conán a dtugaḋ sé eascuaiġ árċoin—De H. orra agus maoiḋeaṁ go cruaiḋ ar Ḃran. Do laḃair Fionn Mac Cuṁaill le Conán.

"A Ċonáin Ṁaoil Ḃáin," aduḃairt Fionn le Conán, "scaoil-se síos ceann ded eascuaiġ árċonaiḃ indiu mar ṡúil is go mbaḋ léi ḋ’éireóċaḋ an lá."

"Ní scaoilfead-sa síos ceann dem eascuaiġ," arsa Conán, "mar dá raġaḋ siḃse don seilg indiu ná i mbáraċ, cuid ná páirt ní ḃfuiġḃeaḋ Conán."

"Muna scaoilfe tú síos í, a Ċonáin," aduḃairt Fionn, "ċeiṫre cosa ċuirfe mise fút agus i ḃfuirm coileán con ċaiṫfe tú dul léi."

"Ar a ḃfuil d’ór ag an riġ," arsa Conán "ná d’air- gead bán a dtaḃairt ċéin ní raġainn ar a gcuinse sin leis an gcoileán granda geur, aċt mar sin féin," arsa Conán, "scaoilfe mé ceann dem eascuaiġ síos agus geallaim daoiḃ má ġeiḃeann sí cré creuċt ná lot, agus geallaim duitse a ġruagaiġ ḃig ṫáinig i gcéin, go mbainfe mé diongḃáil amaċ díot fad ṡeasó- ċaid na garḃáin .i. na cloċa do ċuirfeaḋ sé do ḃaile air le mo ḋá láiṁ i measc an ḟéir." Do scaoil Conán síos ceann dá eascuaiġ árċonaiḃ agus ba ġeárr arís go ḃḟuair sí lot. Do ċuir sí an spur isteaċ in a cliaṫán agus ṫug an scannán amaċ ar a corp, gur ṁarḃ sí í. Nior airiġeaḋ stoirm ag éirġe riaṁ ar ṡliaḃ ná cioṫ ag éirġe as loċ níos tiġe do ḃioḋ ag teaċt ioná Conán agus é ag cur na gcloċ do ḃaile ar an ngruagaċ. Innsin do ċuir an gruagaċ comraiġe coimirce a anama ar Ḟionn