Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/48

This page has not been proofread.

40


6. Ḋá ṫrian galair an oiḋċe.

7. Trí táṫaḋ de neantógaiḃ insan Márta, ní baoġal duit poc cinn ná coise ad ag do ḃualaḋ go cionn bliadna.

8. Atá sé ag tarraint ar an t-síoraiġeaċt—ag dul ar an saoġal eile. —Atá sé in anḟaḋ an ḃáis .i. ag taḃairt na gcor.

9. Bain an barr-brúċ [bruṫ] den mbainne. Barr- brúċ .i. an croiceann d’éireóċaḋ ar an mbainne beirḃṫe.

10. Dá dtuitfeaḋ braon uisce fiuċta ar do ċuisle [cuislinn], i ḃfad uainn an t-olc, agus ná héireóċaḋ clog air, do ḃeaḋ sí greadta. "An cóir a ráḋ go ḃfuil an ciarsúir greadta?" "Ní cóir. Atá an ciarsúir ruaḋ-dóiġte."

11. Doċuaiḋ an t-uisce fá ḃeirḃaḋ orm .i. go raiḃ sé a ḟaid sin ag fiuċaḋ go raiḃ sé súiġte ag an ċorcán.

12. Deunann [do-ġní] seilleaḋ [silleaḋ, cf. feile for file] sásaṁ. Cuir i gcás go mbeaḋ dúil agam in iasc úr nó in aon saġas eile, agus nuair doġeóḃainn innsin é ná beaḋ aon suim agam ann, adeurainn innsin go ndeunann seilleaḋ sásaṁ, go mbainfeaḋ seilleaḋ mo ḋúil as.

13. Scaṁaḋ iongan .i. blúire croicinn do ḃeaḋ ag éirġe ar ḃarr na méire ós cionn na hiongan.

Dá mbéinn ag cnotáil stoca agus go dtarraingeóċaḋ duine biorán aiste as go dtuitfeaḋ na lúba, do ḋeurainn [adeurainn] go scaṁfaḋ mo stoca mar ġeall air.

14. Ní raiḃ fód a ṁarḃuiġṫe ann, nó fód a ċaillṫe .i. ní ann do ḃí sé le marḃaḋ. Bíonn fóidín an ṁearḃaill ann leis agus fóidín an ocrais.

15. An cat. Adeir siad go ḃfuair an cat trí leaṫṗinge ṗinginn ċum maireaċtain marṫain do ḋeunaṁ as. Tug sé leaṫ-ṗinge ar raḋarc insan oiḋċe, agus leaṫ-ṗinge ar eudtromaċt siuḃail, agus