Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/50

This page has not been proofread.

42

droċ-ṁaidin. Má atá an ṁaidin olc agus go n-éireóċaḋ an lá suas, an té do ḃeaḋ ag dul ag obair innsin, do ċaillfeaḋ sé an lá ar fad mar ġeall ar an maidin. Níor ḋada le duine an méid annró doġeóḃaḋ sé tamall ar maidin, dá mbeaḋ a ḟios aige go ngealfaḋ sé in a ḋiaiḋ sin seaċ is an lá ar fad do ḃeiṫ caillte aige.

22. Ar ċaiṫeaṁ leinḃ in áirde bíṫear ag ráḋ—

I.


Beiḋ sé mór, mór.
Beiḋ sé mór i mbáraċ.
Beiḋ sé mór, mór
Agus dar ndóig mór is fearr é.

II.


Caiṫimíd suas is suas é.
Caiṫimíd suas an páisde
Caiṫimíd suas is suas é
Is tiocfa sé anuas i mbáraċ.

III.


Caiṫimíd síos is suas é
Caiṫimíd soir is siar é
Caiṫmíd síos is suas é
Is caiṫimíd dtí an ċaitín liaṫ é.

IV.


Ó níor ḋein sé rinnce
Ó níor ḋein ná gáire
Ó níor ḋein sé rinnce
Aċt doġeuna sé rinnce i mbáraċ.

V.


Is geall le Lady Máire
Is geall le Lady mo leanḃ
Is geall le Lady an páisde
A’s raġaiḋ sé dtí aonaċ an Ġleanna