Page:Conchubhar Mac Neasea - Mac Fhionnlaoich.djvu/18

This page has not been proofread.

8

do ḃí eadar ḋá ḟile ar ciaca aca ar ċeart dó ḃeiṫ ’na Árd-ḟile i n-Eaṁain Ṁaċa. Aḋna ó Ċúigeaḋ Ċonnaċt do ḃí ’na árd-ḟile i n-aimsir Ċonċuḃair go dtí go ḃfuair se bás. Toġad Aṫairne, file, i n-a ionad, aċt ḃí mac ag Aḋna, .i. Néiḋe, a ḃí ar ṡiuḃal i n-Albain an t-am do rinneaḋ an toġaḋ agus dar leis-sean gurḃ’ ḟearr an file é ná Aṫairne agus go mbuḋ ċeart áit a aṫar do ḃeiṫ aige. Ṫáinig sé go hEaṁain Ṁaċa agus do ṡuiḋ i gcaṫaoir an árd-ollaṁan agus ċuir tuiġean nó clóca an Árd- ollaṁan air. Nuair ċonnaic Aṫairne é d’éiriġ an ċonn- spóid eatorṫa. Ṫráċt siad ar ġaċ uile ṡaġas foġluma agus filiḋeaċta agus draoiḋeaċta. Ḃí Néiḋe coṁ clisde le hAṫairne, aċt b’ḟear óg é agus ’sa deireaḋ ṫug sé isteaċ do Aṫairne agus ḃain sé an tuiġean de agus ċuir ar Áṫairne e.

Ḃí Conċuḃar ag éisteaċt leis an agallaṁ nó an ċonnspóid, aċt ḃí béarlagar ar le ṫ ag na filiḋṫiḃ agus ċár ṫuig Conċuḃar nó uaisle Ulaḋ leaṫ a nduḃairt siad le ċéile agus ar ṁaċtnaṁ dó ar an ċeist ṫug sé breiṫ do ḃíoḋ mar ḋliġeaḋ ó ṡoin leiṫ go bpléiḋfiḋe gaċ ceist i gcanaṁain tsimpliḋe ṡóilléir ar ṁoḋ go dtuigfeaḋ cáċ í. Is iomḋa bearlagar do ḃíoḋ ann ins an tsean-tsaoġal. Tá sompla ar ċeann aca eadar Ċúċulainn agus Éiṁear agus iad ag suirġe le ċéile i ngainḟios do n dream a ḃí ag eisteaċt. Ḃí sin maiṫ go Leor eadar beirt ag suirġe, aċt ċan ḟóirfeaḋ sé do neiṫ ḃ do ḃain leis an ṗoibliḋeaċt.


CAIB. IV.

AN ĊRAOḂ RUAḊ.

Beiḋ mórán againn le ráḋ ar ball ar ġail agus ġaisge Ċonċuḃair agus ar ċuraḋaiḃ na Craoḃruaiḋe. Baḋ maiṫ linn tráct annso ar an áit féin. Ḃí trí toiġṫe