Page:Deoraidheacht (1920).pdf/10

This page has been validated.
10
DEORAIDHEACHT

theacht amach dhom casadh fear liom agus dubhairt sé go bhfaca sé an timpist a d’éirigh dhom.

Bhí comh­luadar uaim. Theas­tuigh duine éigin uaim a dhéanfadh caint liom. Chuadhas ag ól leis, agus ba ghearr go raibh dearmad déanta agam ar an gcois adhmuid, agus ar an leath-láimh a chailleas, agus ar an timpist féin.

Bhí an t‑ól ag óradh a raibh ’mo thim­cheall.


II.

Nuair atá duine ann nach raibh aon chleacht aige ar airgead ariamh, imthigh­eann sé uaidh mar imthigh­eas lóchán roimh an ngaoith. B’fhearacht agam-sa é. Bhí mo chuid-se ag imtheacht agus ag imtheacht go tiugh. Ag imtheacht ar nós uisge na haibhne. Níor chuir sin aon droch-mhisneach orm, amhthach. Nach raibh an comh­luadar agam? Nach rabhadar sásta gach uile shórt a dhéanamh dhom? Nach duine mór a bhí ionnam anois? Nach raibh mé i n‑an’ airgead a chaith­eamh le duine uasal ar bith? Gach uile lá bhíodh an dream céadna ’mo chuid­eachtain agus an caitheamh airgid céadna ann, acht gur mise bhí ’ghá chaith­eamh i gcomh­nuidhe. Is minic, ar dhúis­eacht dhom ar maidin, go n‑abróch­ainn liom féin nuair d’fheicfinn an chos adhmuid ar an gcathaoir lem’ ais, nach gcaith­finn a thuil­leadh airgid leis an gcomh­luadar. Acht bhíodh uaigneas orm gan iad. Dhearc­ainn ar an bpioctúir bhig a bhí crochta ar an mballa, ar an triúr fear óg a bhí go meidh­reach agus go so-mheanm­nach dhóibh féin, agus an ghrian ag soill­siughádh orra. Thos­óchainn ag machtnamh ar mo chruadh-chás féin. Bhíodh olc orm nuair d’fheicinn muintir an tighe ag dul suas agus anuas an staighre, óir nach rabhas féin i n‑an’ a dhéanamh gan congnamh; bhíodh olc orm nuair a chloisinn torann bróg ar an tsráid; thagadh buile orm nuair d’fheicinn duine go haerach agus mé féin go dubhach doil­gheasach. Annsin