Page:Deoraidheacht (1920).pdf/101

This page has been validated.
101
Deoraidheacht

gleó mór ’san saoghal. Bean a bhéadh ’n‑a naomh nó ’n‑a deamhan de réir mar bhéarfadh an chinn­eamhain uirri.

Le chomh ciúin is bhíos féin, shíl sise go rabhas ’mo chodladh. Chuir sí a leiceann le mo leicinn-se agus thosuigh dhom’ phógadh go mioch­aireach agus go faiteach mar bhéadh sí ag iarraidh a dhéanamh i ngan-fhios dom.

“A dhearbhráthairín! a dhearbhráthairín!” an focal deir­eannach chualas sul ar thuit mo chodladh orm.

· · · · · · ·

Dhá lá d’fhanas aici. Fuair sí lóisdín dhom i dteach Éirean­naigh i ngar dá lóistín féin, agus gheall sí dhom a theacht ar cuairt ann go minic.


XXI.

An ceanntar ’n ar chuireas fúm anois, is domhan beag Gaedh­ealach a bhí ann leith-bhliadh­ain ó shoin. Éire bheag a thugadh an Sasanach air. Dob’ as an Mumhain a raibh ann, acht fíor-chorr-dhuine. Bhí daoine ann a raibh oidh­reacht na bhfileadh agus na mbárd aca. Ní raibh duine ar bith ann nár aithnigh na comh­arsain, agus ní hé amháin gur haith­nigheadh é féin, acht bhí togha eóluis aca cé na daoine dar díobh é. B’as aon límistéar amháin iad fré chéile. Bhíodh an sgor­aidheacht ann ’san oidhche: bhí an bheidh­leadóir agus an píobaire agus fear na fideóige le fagháil ’n‑a measg. An fear a bhí i n‑an’ cur síos go cruinn agus go beacht ar ar sgríobh Céitinn ’n‑a stair bhí sé ann chomh maith leis an bhfear nach raibh aon eólus aige air. Agus dá gcuirtí i n‑aghaidh an fhir eólusaigh seo, ní dhéanfadh sé acht a dhul chuig an gcomh­rainn mhóir thug sé leis as Éirinn, agus beart a bhíodh fol­uighthe i línéadach a bhaint aisti. D’os­gluigheadh sé an beart seo, agus bhaineadh sé leabhar mór láimh­sgríobhtha aisti. Agus nach é bhíodh cúramach leis an leabhar mór úd! Thas­báineadh sé dhuit ’n‑a dhubh agus