Page:Deoraidheacht (1920).pdf/104

This page has been validated.
104
Deoraidheacht

bheidís gan glanadh. Mara ngléasadh sí an biadh (ní raibh de bhiadh le gléasadh aici acht a ndéanfadh iad féin, agus ba leór léithi sin), bhéidís gan biadh. Mara nigheadh sí na héadaigh, bheidís gan nigh­eachán. Acht nuair a bhíodh an méid sin déanta aici, ní raibh obair an lae críoch­nuighthe fós aici. Ba bheag an baoghal go mbéadh an oiread sin de’n ádh uirri. Bhíodh sí ag obair ó Luan go Luan, agus ó éirghe gréine go meadhon oidhche agus ní bhíodh an obair críoch­nuighthe aici. Ní bhíodh baoghal uirri a bheith críoch­nuighthe. Bhíodh gothadh na hoibre uirri i gcomh­nuidhe ’gcomh­nuide, agus í fliuch salach smeartha. Ní bhíodh ar An gCasúr acht a rádh, “Muise, nach beag a ndeárna tú ó mhaidin, a Bhrighid?” nuair a thos­óchadh sí air.

“Dá mbadh fear a bhéadh agam,” adeireadh sí, “ní orm a thuit­feadh an obair ar fad.…” Agus leanfadh sí uirri gan cead a thabhairt dó focal a chur isteach.

Is beag duine nach bhféadfadh An Casúr a rádh leis i ndeireadh na cainte “Sin tairnge eile i gclár agam,” acht le n‑a mhnaoi féin. ’Sí a chuireadh an tairnge i gclár i gcomh­nuidhe, agus chuireadh sí go doimhin ’san gclár, freisin, é.

Bhi a gclann tógtha agus sgaptha orra acht aon mhac amháin a bhí i n‑aois a sheacht mbliadhna fichead agus nach ndéanfadh aon rath go deó. Dubhradh nach raibh a chiall cheart aige, acht ba ghile le Brighid é ná aon mhac eile dár thóg sí. Níor thug sí ariamh air acht “an créatúr,” agus nuair nár thug bhí daoine ’san gcomhar­sanacht agus níor bh’ eól dóibh a ainm baiste, cé go raibh aithne aca air ó rugadh é. “Mac an Chasúir” thug muintir na háite air. Níor mhaith le n‑a athair é, nó leig a athair air nár mhaith leis é. (Dubhradh gur cheap sé go mba náireach an sgéal é beirt fhear a bheith díomhaoin i dteach), agus níor thug sé air le deir­eannas acht “An Boicín,” i ngeall ar an slabhra bheag cruadhach a bhíodh dhá chaith­eamh aige. A mháthair a cheann­uigh an slabhra