Page:Deoraidheacht (1920).pdf/111

This page has been validated.
111
deoraidheacht

go rabhas ullamh ’n‑a coinne, ar ndóigh, shíleas go mbéadh lúthgháir uirri. Acht go bfeicidh Dia an t‑ádh ort! Ní hamlaidh a bhí. Thosuigh sí ag tabhairt na súl, agus níor fhan aon chaint aici feadh i bhfad. Daoine a bhí ag dul thart, cheapadar go ndeárnas rud eicínt uirri a chuir ag caoineadh í. Sheas cuid aca le réidh­teach a dhéanamh, acht nuair a thuig­eadar nach raibh aon achrann ar bun, d’imthigh leó. Nuair a tháinic an chaint chuici ní chloisfeá uaithi acht na focail: “Sgeana agus piostail agus fuil!” “Rún daingean aca a chéile a mharbhadh!” “Ó, a Thigh­earna! nach cráidhte atáim!”

Bhíos ag imtheacht nuair adubhairt sí, “Leig dom thú phógadh.”

Leigeas. Bhí truagh agam dhi. Bhí sí go cráidhte buaidh­eartha gan aimhreas.

Chuadhas isteach agus thugas an leabaidh orm féin.

Bhí an fhuinneóg a bhí le hais mo leabthan ós cionn na fuin­neóige ar a rabhamar ’n‑ár suidhe. Bhí sise ann fós. Níor fhéadas aon chodladh a dhéanamh go ceann i bhfad. Bhíos dhom’ chaith­eamh féin ó thaobh go taobh ’san leabaidh, agus ag éisteacht le sranntach na ndaoine a bhí i n‑aon tseómra liom.

Cad chuige a raibh sí chomh faiteach go n‑éireó­chadh aon ní do’n Fhear Buidhe? Shíleas go mbéadh aiteas uirri é fheiceál ar lár. Acht ní raibh. An raibh cion aici ar an duine úd freisin? Agus i n‑éis a ndeárna sé uirri? Is deacair intinn mná a thuigsint. Agus nach dána agus nach amaideach an fear adéarfadh gur thuig? Féach an Fear Beag Buidhe úd agus tá cion aici air! Cad chuige? Caithfead ceist a chur uirri i mbárach.…

Acht, ní éad a bhéadh orm leis siúd, cheapas, agus bhris smigeadh gáire amach ar mo bhéal.

Chuirfinn an cheist uirri i mbárach​…​leis an sgéal a réidhteac—le fios fátha an sgéil fagháil.…