Page:Deoraidheacht (1920).pdf/114

This page has been validated.
114
Deoraidheacht

“Má tá uain agad,” arsa mise nuair a bhíomar ’n‑a bhun, “badh mhian liom beagán cainte a dhéanamh leat i n‑áit eicínt nach gcuirfí isteach orainn.”

Bhí iongantas uirri. Acht má bhí, bhí áthas uirri freisin gur chuireas an oiread sin suime innti, is go labhar­fainn léithi gan í a theacht le labhairt liom-sa i dtosach.

· · · · · · ·

Chuamar go stábla a bhí ar chúl an tighe lóistín faoi am dhinnéara. Ní raibh capall ná aon bheith­idheach eile ann. Shuidheas ar chloich a bhí ag congbháil an dorais ar osgailt. Shuid sise ar an bhféar ós mo chomhair amach. Ni raibh a fhios aici faoi cheithre áirdibh na cruinne céard a bhí le rádh agam léithi. Choinnigh sí a dhá súil orm go mbéadh fonn orm labhairt, rud nár fhéadas a dhéanamh go ceann sgathaimh. Ní raibh a fhios agam cé’n bealach a dtos­óchainn.

“Tá cion agad orm-sa,” arsa mise léithi faoi dheireadh.

“Nach bhfuil fhios agad féin go bhfuil?” ar sise, agus tháinic luisne ’n‑a gruaidh.

“Agus tá fhios agad go rí-mhaith nach bhfuilim féin agus an Fear Buidhe mór le chéile.”

“Tá fhios.”

“Tá tusa mór leis. B’fhearr leat é is dócha ná⸺”

“Ná duine ar bith eile—acht thú féin,” ar sise.

Bhí fearg ag teacht orm.

“Cad chuige thú bheith chomh geanamhail sin leis? Nach bhfuil fhios agad go maith nach raibh sé do do bheath­ughadh le togha gach bidh acht le n‑a phóca a mhéad­ughadh? Nach ndeárna sé tú chomh reamhar le—le—le—ní heól dom cé’n rud—le iongantas a dhéanamh dhíot le tuilleadh airgid a bhaint asad? Bhfuil náire ar bith ort? Bhfuil meas ar bith agad ort féin? Mo ghráin thú!”

Má bhí fearg orm, ní i ngeall ar a ndeárna an Fear Buidhe uirri é, acht i ngeall ar a ndeárna sé orm féin.