Page:Deoraidheacht (1920).pdf/115

This page has been validated.
115
Deoraidheacht

“Tá—an-chion agam—air,” ar sise, agus a ceann fúithi, “acht tá cion agam ort-sa, freisin.”

Sháruigh sé sin a bhfacas ariamh! Bhí cion aici ar an mbeirt! Phósfadh sí an bheirt dá bhféadadh sí é! Acht bhí náire uirri. Bhí a ceann cromtha fós aici. Nár mhaith an comhartha é sin?

“Dá mbéadh sinn-ne pósta,” arsa mise le baint aisti, “an mbéadh grádh agad dhó annsin?”

“Bh-bh-bhéadh,” ar sise.

“Agus bhéadh grádh agad dhom-sa, freisin, nach mbéadh?”

“Bhéadh. Bhéadh. An-ghrádh.”

Bhí an mí-ádh uirri. D’fhanas féin tamall ’mo thost. Cheapas go raibh sise ag caoineadh, acht d’éirigh sí de gheit, agus rug sí greim láimhe orm. Choinnigh sí greim chomh cruaidh sin orm nár fhéadas an lámh a thabhairt uaithi. Dhearc si go truaigh­mhéileach orm. Bhí sí corr­uighthe.

“Má leigim mo rún leat,” ar sise, “ní innseóch­aidh tú do aonneach beó é.”

“Ní innseóchad.”

Bhí sí tamall ’n‑a tost, agus a ceann fúithi. Annsin dubhairt sí:

“ ’Sé m’athair é.” Is beag nach ndeachas i laige.

“Acht dubhairt sé liom nár phós sé ariamh,” arsa mise, nuair a tháinic an chaint chugam.

“Nior phós. Acht is ’san teach seo rugadh agus tóigeadh mé go ndeachas i n‑éindigh lem’ athair ’san tais­beántas,” agus mhínigh sí an sgéal dom, acht ó nach bhfuil aon bhaint aige le mo sgéal féin ní bhacfad leis.

Nuair a bhí an sgéal innsighthe aici ghread léithi go tobann. Thos­uigheas féin ag machtnamh, agus d’fhanas chomh fada ’san machtnamh sin go dtáinic gealbhan beag dána a bhí ag tóiridh­eacht bídh ar an urlár chugam, agus gur sheas ar bharr mo mhaide croise, a bhí leigthe isteach le mo ghualainn.