Page:Deoraidheacht (1920).pdf/116

This page has been validated.
116
Deoraidheacht

B’é toradh an mhachtnaimh úd nach raibh duine ar bith eile ann a bhí chomh dall liom féin, nár thuigeas cé’n gaol a bhí ag an bhFear Beag Buidhe leis an Mnaoi Reamhair úd a cheap sé thabhairt dom mar chéile.


XXIV.

Tá ráithe curtha dhíom agam i dtigh lóistín An Chasúir. Bím ag obair trí lá ’san tseacht­mhain i dtigh ósta—an teach céadna ar casadh an Bhean Mhór Ruadh liom i dtosach. Ag glanadh na soitheach agus na mbuidéal ’san soiléar a bhím, acht ní fhághaim mórán air i ngeall ar an leath-láimh agus an leath-chois a bheith caillte agam.

Ó tá saoire agam indiu, níor bhacas le héirghe. Táim ’mo luighe ar an leabaidh ’san tseómra mhór, cois na fuin­neóige úd thré n‑ar chuir an Bhean Reamhar an cupán tae chugam an chéad mhaidin annseo dhom, agus le ceart a thabhairt di, níor dhearmad sí aon mhaidin ó shoin mé. Tá grian an gheimh­ridh go soill­seach isteach thríd an bhfuin­neóig; tá glórtha beaga boga na bpáisdí chugam isteach ó’n tsráid, agus an bheirt fhear a tháinic isteach go deireannach aréir, agus iad ólta, nílid ag cur isteach orm, óir níor dhúis­igheadar fós. Tá An Casúr féin ’n‑a shuidhe ag doras na sráide ag congbháil cainte le duine de na lóisteóir­íbh. Tá mór­sheisear nó ochtar eile dhíobh ag imirt cártaí agus ag ól leanna ’san tseómra is goire dhom. Cluinim ag easgaine agus ag achrann le chéile ó am go ham iad.

Tá na páipéir seo atá breactha agam caithte ar gach taobh dhíom ar an leabaidh, acht ní thig liom a dhul ar aghaidh le mo sgéal faoi láthair. Na smaointe cheapas a nochtadh imthigh­eann siad uaim go tapaidh. Nílim i n‑an’ greim fhagháil orra, mar déarfá. Táim mí-shuaimh­neach mí-shásta