liom féin agus leis an saoghal. Is cosamhail le sean-leomhan a bhéadh gonta nó iolar na haille a chaillfeadh lúd na sgiathán mé, agus mé ag cur mo chroidhe amach le díombáidh agus le neamhdhóchas nach bhféadaim mo shaoghal a chaitheamh mar ba dhual do dhuine. Nach mé tá tuirseach de’n áit seo? Nach mé tá tuirseach de’n dríodar seo atá ar lóisdín ag An gCasúr? Nach agam atá an ghráin do’n dream úd atá ag easgaine agus ag tabhairt na mionn ’san tseómra is goire dhom! Na sráideanna beaga suaracha gránna! An saoghal gránna fealltach a nochtuighthear gach lá ós comhair mo shúl! An crádh agus an brón agus an tuirse croidhe agus an gábhatar! An bhochtanacht atá ós a gcionn, ’n‑a sgamall mhór, an galar colna agus anma is uathbhásaighe dá bhfuil ann! Ó, a Thighearna, dá bhféadainn imtheacht as! Dá bhféadainn mo sgamhóga a líonadh arís le gaoith ghlain úir na hÉireann! Dá séidtí chugam, thríd an bhfuinneóig seo lem’ ais, smathamh beag de’n ghaoith atá ag corrughadh brollaigh Chuain na Gaillimhe indiu! Acht ní’l sin i ndán dom. Is dócha nach bhfeicfeadh an cuan breágh mór leathan úd arís go bráthach, nó an chathair úd atá ar a bhruach, nó an loch úd na n‑oileán craobhach, nó na sléibhte móra árda a bhíodh i bhfad uaim agus mé ’mo pháísde, le go ndéanfainn síor-iongnadh díobh.…
(Caithfidh mé mo sgíth a leigint: ní féidir liom focal a sgríobhadh leis an torann agus leis an ngleó agus leis an achrann atá ar siubhal ag lucht na gcártaí).
…Acht ní’l carcar, dá dhoimhne é, nach mbíonn sólás éigin ann. Gabh i leith annseo, agus féach ar an bhfear mór féasógach atá ’san teach úd thall. Tig liom-sa é fheiceál gan mo cheann a thógbháil dhe’n phiolúr. Tá sé ag gabháil ag obair. Ní fhillfidh sé go mbeidh sé an dó a chlog anocht. Tá an chlann ’n‑a thimcheall. Pógann sé gach duine aca go díl, acht bheir sé dá phóig dá mhnaoi…thugas faoi deara cheana é, ag sgríobhadh na staire seo