Ag magadh fúm a bhí sé, ag magadh faoi’n amadán a chaith a chuid leis.
Tháinic sé im’ aigne a cheann a sgoilteadh le soitheach mór a bhí ar an gclár, agus dhéanfainn freisin é, dá bhfuighinn an chroch air, bhí an oiread sin buile orm, muna mbéadh gur thug fear an ósda an soitheach leis le n‑a chur i dtaisge.
D’imthigheas, acht ag dul amach dom chualas na daoine a bhí ’san teach ag magadh fúm féin, agus faoi’n gcois adhmuid, agus ag innseacht dá chéile chomh droch-aigeanta is bhí an bacach. Bhí seacht ndiabhail déag ag ithe mo chroidhe-se, agus má bhí duine ann ariamh a bhí ceaptha agus lán-cheaptha ar dhúnmharbhadh a dhéanamh, ba mise an duine sin.
An oidhche úd, agus mé ’mo luighe ar mo leabaidh bhig, rinneas sgrúdughadh coinnsiais. Gach a dtárla dhom, agus gach a ndeárnas ó chailleas lúth na ngéag, chuireas trí n‑a chéile é. B’fheasach mé le fada go raibh atharrughadh mór tagtha orm, ar mo mheon agus ar mo chroidhe agus ar m’aigne; go mba mhó go mór an t‑atharrughadh úd bhí tagtha ar m’aigne ná an t‑atharrughadh bhí tagtha ar mo cholainn; go mbéadh an fuath agus an ghráin agus an díombáidh agus an t‑olc mar chomhluadar agam feasta; go mbéadh an duairceas mar chéile agam go lá mo bháis.
Chuir an smaoineadh seo lionndubh ar mo chroidhe. Cheapas atharrughadh a dhéanamh ar mo bhéasaibh, ar mo shaoghal, agus ar mo mhodhthaibh maireachtála—an chathair a thréigeadh, nó, ar an gcuid is lugha dhe, áit chomhnuidhthe d’fhagháil i bhfad ó na cáirdibh bréagacha bhí agam.
Chomhair mé a raibh fágtha agam de’n airgead. Deich bpunnt is trí fichid a bhí ’san mbannc agus cúpla púnnt ’san teach. Ó, a Thighearna! nach mé a bhí ag déanamh an bhaileabhair dhíom féin? Nach mé bhí ag dul le fánaidh na haille? Agus mé ag caitheamh mo chuid airgid leis na