Page:Deoraidheacht (1920).pdf/125

This page has been validated.
125
Deoraidheacht

Ruaidh an cleamhnas a bhriseadh. Agus ar ndóigh, cheap an Bhean Ruadh go raibh an cleamhnas ann, agus ní raibh uaim acht go gceapfadh sí é. Is agam a bhí an greann!

“Bhfuil tú sásta an cleamhnas seo atá déanta agad le hinghin an gheócaigh a bhriseadh?” ars’ an Bhean Mhór Ruadh.

“Ní’l,” arsa mise.

“Bhfuil tú sásta an cleamhnas a bhriseadh?” ar sise an darna huair.

“Ní’l,” arsa mise go dána.

“Bhfuil tú sásta an cleamhnas a bhriseadh?” ar sise an tríomhadh huair.

“Ní’l,” arsa mise agus fonn gáiridhe orm.

Níor dhubhairt sí focal eile acht a dhul chuig an doras agus a ghlaodh­ach ar Bhrighid. Tháinic sise.

“Tabhair dhom an eochair,” ars’ an Bhean Mhór Ruadh.

“Nach bhfuil sé sáthach―” arsa Brighid, acht chuir an Bhean Mhór Ruadh isteach uirri, agus ní raibh a fhios céard a bhí fúithi a rádh.

“Tabhair dhom an eochair,” ar sise go bagar­thach.

Fuair sí í. D’imthigh léithi ag cur glais ar an doras ’n‑a diaidh.

“Brisfear an cleamhnas seo anocht,” ar sise ag gabháil amach dhi. “Mise mo bhann­aidhe go mbrisfear.”

Phléasgas féin. Chuadhas ’sna trithíbh gur cheap sí go raibh fúm an Bhean Reamhar a phósadh, gur cheap an Bhean Reamhar féin é. Acht cé’n fáth ar chuir sí glas ar an doras ar an mbeirt againn?

Tháinic an Bhean Reamhar chugam. Shuidh sí taobh liom. Bhí sí lághach gean­amhail. Shíleas go n‑éir­eóchadh sí, agus go dtos­óchadh sí dhom’ phógadh dhom’ bhuidh­eachas mar rinne sí go minic cheana. Bhí an gean i lár a dhá súl.

“Cheapas go ngéillfeá,” ar sise; “bhí eagla an domhain orm go ngéillfeá,” ar sise.

“Go ngéillfinn?” arsa mise.