Page:Deoraidheacht (1920).pdf/126

This page has been validated.
126
Deoraidheacht

“Seadh—go mbrisfeá an cleamhnas,” ar sise.

“Beag baoghal a bhí orm,” arsa mise.

“Bhí fhios a’m sin, a chuid, bhí fhios a’m é nuair a leig tú dhi glas a chur ar an doras.”

“Acht cad chuige dhi glas a chur ar an doras?” arsa mise.

“Ó, cé nach bhfuil fhios agad! le mise agus tusa a choinneál annseo go dtigidh do mhuintir!”

“Go dtigidh mo mhuintir!”

“’Seadh. Nach bhfuil fhios agad gur chuir sí fios orra?” ar sise, “nach bhfuil fhios agad go mbeidh t’oncal agus a inghean annseo faoi cheann cúpla uair. Bhíodar ar do thóir ó cuireadh an t‑achrann ar siubhal ’san tais­beántas i nGaillimh. ’Sí an bhean ruadh d’innis dóibh cá raibh tú. ’Sí d’innis dóibh cé’n droch-bhail a bhí ort―”

“Agus béidh m’oncal agus a inghean annseo faoi cheann cúpla uair, deir tú,” arsa mise go ciúin socair, bíodh is go raibh mo chroidhe ag léimnigh.

“Béidh. Nár innis an Bhean Ruadh dhuit é?”

Níor thugas freagra uirri. Bhíos trí n‑a chéile. Tá daoine ann agus nuair nach n‑éir­igheann leó téighid ag iarraidh cabhrach ar a gcáirdibh gaoil. Ní raibh mise ar an dream sin ariamh. An lá ba mheasa dá raibh an saoghal ag éirghe liom ní chuirfinn a‑bhaile chuig mo mhuintir acht an deágh-sgéal. Acht bhíos náir­ighthe anois. Bhéadh fhios aca gach uile shórt fúm. Dá mbéadh fhios agam go raibh an sgéal iomlán ar a n‑eólas, ní fhanfainn leó ar chor ar bith.

“Agus d’innis sí dhóibh cé’n droch-bhail a bhí orm-sa annseo,” arsa mise.

“D’innis.”

“Agus d’innis sí dhóibh go rabhas i nGaillimh agus ar fud na hÉireann ’mo gheócach agus ’m’ uathbhás agus ’m’ fheic ag an mbior­ánach buidhe sin d’athair atá agad: ar innis sí sin dóibh?”