Page:Deoraidheacht (1920).pdf/133

This page has been validated.
133
Deoraidheacht

“Cá bhfuil sí? Cá bhfuil sí uaim?” adeireadh an Fear Beag Buidhe. “An tseóid uasal, an réaltóg thaith­neamhach, mo chuid de’n tsaoghal sgiobtha uaim ag an ruibh­íneach bradach úd, agus síbh-se ag cuidiughadh leis.…​Ó! a Thigh­earna, nach mé tá cráidhte anocht?”

Bhuail sé faoi ar chathaoir. Chuir sé a cheann idir a dhá lámh, agus thosuigh dhá luasgadh féin anonn ’s anall. Cheap a raibh ann go raibh brón mór air an inghean a bheith caillte aige; níor cheapas féin acht go mba cuid dá chuid cleas­aidheachta é.

Bhí an phioctúir bheag ag m’oncal agus é ag féachaint uirri. Thagadh greann ’n‑a shúilibh ó am go ham, acht d’im­thigheadh sé go tobann arís.

“Dubhras leat go raibh straighin aisteach ann i gcomh­nuidhe,” ars’ eisean le n‑a inghin ós íseal. “Ó mhuintir a athar thug sé leis é,” ar sé.

“Marach go bhfuil, ní bhéadh an oiread de’n díth chéille air is go bpósfadh sé í siúd,” ars’ a inghean ag dearcadh ar an bpioctúir dhi.

“Is maith a shaothruigh an fear bocht an saoghal.”

“Is maith,” ars’ an inghean, “…agus marach mise, d’fhanfadh sé ’sa mbaile…”

“Bí sé i ndán dó,” ars’ a hathair.

“Nach aige bhí an tóir uirri agus í thabhairt leis ó n‑a hathair bocht,” ars’ an inghean.

Dhearcadar ar an “athair bocht” a bhí ag cur a chroidhe amach le cumha i ndiaidh na hinghine, dá mb’fhíor dhó féin. Bhí truaigh aca dhó. Bhíos cinnte gur shíleadar gur diabhal críoch­nuighthe bhí ionnam féin, cneamh­aire a bhain an tslighe bheatha dhe, a ghoid a inghean uaidh, a d’fhág lom bocht dealbh é. Bhíos ag smaoin­eadh ar céard ab’ fheárr a dhéanamh le cur i dtuigsint dóibh nach raibh aon bheann agam orra, nach raibh aon mheas agam orra ná ar a mbar­amhail. An náire a bhí orm i dtosach go gclois­fidís an sgéal, go mbéinn