Page:Deoraidheacht (1920).pdf/137

This page has been validated.
137
Deoraidheacht

“Tá fhios agad anois, a Mháire,” arsa mise, “nach bhfuil aon easbhaidh cáirde orm ’san tír seo.”

“Nach uathbhásach na daoine iad?” ar sise ós íseal.

“Is millteach an saoghal é,” ars’ a hathair; “ní chreid­finn go mbéadh mac mo dhearbh­shíre ’n‑a leitheid d’áit agus ’n‑a leitheid de chuid­eachtain. Ní chreid­finn é.…​Ó, dá mbéadh do mháthair beó​…​a Mhichil!”

“’Seadh.”

“Ceart duit a theacht a‑bhaile i n‑aonfheacht linn-ne.…”

“Táim ar fheabhas annseo. Nach bhfuilim le pósadh—”

“Cé’n tóir atá agad uirri? Bhfuil ciall ar bith agad? ​…​a Mhichil,” ar seisean i ndiaidh tamaill bhig, “a Mhichil,” ar seisean go cáir­deamhail, “má tá fonn pósta ort, a Mhichil, gheobh­aidh mise bean duit i nGaillimh, bean bhreágh óg.…”

“Cheapas féin bean bhreágh óg fhagháil ann cheana,” arsa mise ag cur isteach air, “acht níor éirigh liom. Phós sí duine eile,” arsa mise, agus do dhearcas ar Mháire.

D’fhanadar beirt ’n‑a dtost. Bhí an Fear Buidhe ag iarraidh a dhul chugam feadh an achair seo, agus beirt i ngreim ann. Na daoine a thugas isteach le cur i n‑aithne do mo cháirdibh gaoil, bhíodar ar a suaimh­neas ag cur síos ar an bpósadh.

Thugas féin aghaidh ar an bhFear Bhuidhe. Chuireas lámh i bpóca mo bhrísde, agus bhaineas an piostal a cheann­uigheas ó’n máir­néalach an oidhche úd fad ó as an bpóca. Chuireas gothadh troda orm féin.

“A chneamhaire an tsaoghail,” arsa mise go bagar­thach, “cá bhfuil mo chuid airgid?

Bhailigh a raibh ann timcheall orainn. Rugadar ar an mbeirt námhad.

“Bhain an piostal de,” arsa duine.

“Bhain an sgian de,” arsa duine eile.

Bhí sé ’n‑a raic ann. Gach uile dhuine ag cur a ladair

 (d1071)
k