ar na gluaisteáin (nach iad a chuireadh buile orm?), bhíodh an t-uaigneas agus an cumha chomh mór sin ar mo chroidhe is go mbíodh orm éirghe agus a dhul i láthair na cuideachtan. Acht le chomh duairc dólásach is bhínn, cheapainn go mbídís uile go léir ag magadh fúm; go raibh olc aca dhom; go raibh gráin aca orm. B’fhacthas dom nach raibh uatha acht mé a dhíbirt as an teach. Iad siúd a bhí ar a n‑aimhleas (agus bhí an-chuimse aca siúd ann), do cheapas go mb’fhéidir go sílidís gurb é an bacach duairc ba ciontach leis; gurb é thug an mí-ádh ’n‑a dtreó.
Chuimhneóchainn annsin ar a gcualas ariamh de sgéaltaibh faoi mhairnéalaighibh a chaith an duine thug an mí-ádh ar a luing isteach ’san bhfairrge. An ndéanfaí rud mar sin liomsa? Nárbh’ fhearr dhom imtheacht as an áit ar fad agus an tuaith amach a thabhairt orm féin? Acht ní bhfuighinn obair fheileamhnach dhom i n‑aon bhall acht ’san gcathair amháin. Cad chuige go n‑imtheóchainn? …
Acht is geárr go mbeidh orm imtheacht—as an teach ar chaoi ar bith. Tá an t‑airgead ag éalughadh uaim. Ag éalughadh agus ag éalughadh uaim i ngan-fhios dhom. Cé’n chaoi ar imthigh an oiread sin dhe le ráithe? Ar ndóigh ní ’ghá chaitheamh go fánach a bhíos? Tá fhios ag Dia nárbh’ eadh. Do dhearcas faoi dhó ar an uile phíosa dhe a chaitheas. ’Tuige nach ndearcfainn? Céard a bhéadh le déanamh nuair a bhéadh sé imthighthe acht….? Ní raibh réidhteach na ceiste úd agam. Seacht n‑uaire ’sa ló agus seacht n‑uaire déag ’san oidhche chuirinn an cheist orm féin, agus ní bhíodh d’fhreagra agam acht an méid a bhí fágtha de’n airgead a chomhaireamh, bíodh is gur maith a bhí fhios agam cé mhéad a bhí ann. Dhéanainn amach go cúramach ar pháipéar cé’n t‑achar a mhairfeadh sé dhom, agus gan acht an oiread seo dhe a chaitheamh gach lá. D’éireochadh liom an t‑earrach a chur dhíom acht a bheith ar m’aire. Agus annsin? Nuair a bhéadh mo chuid airgid caithte, céard a bhí i ndán dom