Page:Deoraidheacht (1920).pdf/143

This page has been validated.
143
Deoraidheacht

XXVIII.

Ní’l an t‑earrach fós ar fagháil acht tá súil agam féin agus ag mo cháirdibh leis.

Ní turus fada a thugas an oidche úd a rinneadh an choir. Ní dheachas thar an bpáirc úd ab’ fhacthas dom go mba fathach galrach an chuid dhí a mbíodh na truagháin ’n‑a luighe ann.

Táid ann fós. Acht ní geall le spotaíbh dubha ar fheóil an fhathaigh anois iad. Ní headh, acht le smug­airlíbh rón d’fhág­faidhe ar an tráigh i ndiaidh taoille. Agus b’fhada agus ba ró-fhada iad ag feitheamh leis an taoille tuile chuireadh ar snámh arís iad. Acht an leis an taoille atáid ag feitheamh? B’fhada uatha é. Is leis an earrach nuair a thiocfas brígh agus spreacadh i ngach ní atá beó atáid ag feitheamh. Is leis an ngréin a chuireas teas ’n‑a gcnámh­aibh atáid ag feitheamh. An tráth fhéadfas siad gluais­eacht leó go bríogh­mhar teann ar fud na tíre chomh neamh­spleádh­ach le rígh.

Go dtigidh an tráth úd tá orm-sa, agus orra-san, fanacht annseo. Mara bhfuil ag Dia, tá orm-sa fanacht ann i gcomh­nuidhe. Dhá bhfágtaí lúth mo chos féin agam! Lúth mo chos féin! Nach ait an focal é? Acht nuair atá ocras ar dhuine, nuair atá droch-mhisneach agus cantal ar dhuine, nuair atá air an oidhche a chaith­eamh amuigh faoi fhear­thainn agus faoi ghaoith an gheimh­ridh gan mórán le n‑a chlúdach, ní hé an donas a bhuail ’n‑a threó fad ó is mó is cás leis, acht an droch-bhail atá air faoi láthair. Acht dá mbéadh lúth mo chos féin agam nach bhféad­fainn bóthar a chur díom chomh maith leis an lucht fáin atá ’mo thim­cheall faoi láthair. Agus chomh cinnte is bhíos fonn gluais­eachta ar na fáin­leógaibh ar theacht an gheimh­ridh bíonn fonn gluais­eachta orra siúd.

Níor ghoill an donas a bhí orm féin ariamh chomh mór orm