[Page 144 is missing from the PDF file; instead, page 145 is present twice. The text below has been proofread against File:Deoraidheacht (1920) corrections.pdf.]
is do ghoill nuair a chonnaiceas ag imtheacht i ndiaidh a chéile iad ’san earrach. Ó, dá bhféadfainn an chathair mhalluighthe fhágáil!
· | · | · | · | · | · | · |
Tá an t‑earrach ann i ndáríribh indiu. Tá an ghrian go geal-gháireach ’san spéir mar mháthair a bhéadh ag iarraidh gach sonas agus gach sógh a bhí ’n‑a cumas a thabhairt dá clainn. An t‑uisge atá ’sa linn úd thall a bhí faoi leac-oighre coicthigheas ó shoin, féach indiu é ’n‑a loch airgid ag damhsa faoi lonnradh na gréine! Agus an ghaoth a ndeas! Nach áluinn í? ’San gcathair féin bíonn fáilte roimpi. Tá an súgh ag éirghe ins na crannaibh. Ní’l luibh ’san bpáirc nach bhfuil borracht agus beódhacht innti. ’Mo luighe annseo ’san bhféar dhom, imeasg na dtruaghán, feicthear dhom go bhféadfadh duine a mbéadh an radharc go géar aige an féar fheiceáil ag fás. Leagaim mo cheann ar an talamh.…Thuit rud eicínt ar mo shróin. Rugas air. Feithide caol fada glas a bhí ’n‑a dhúiseacht d’éis trom‑shuain an gheimhridh. Tháinic borradh ’mo chroidhe féin. Tháinic misneach chugam. Leagas an feithide caol fada a thuit orm ar shean-bhilleóig a d’fhan ar an talamh i gcaitheamh an gheimhridh. Thosuigheas ’ghá sgrúdughadh go géar. Chonnaic cuid de na bochtáin eile mé. Bhailigheadar timcheall orm. B’fhéidir go bhfuaireas píosa airgid ’san bhféar. Thosuigheadar ar cuartughadh. Níor airigheas im’ aice chor ar bith iad. Bhí iongnadh orm roimh an mór‑iongantas a bhí ar siubhal ’mo thimcheall. Munar airigheas iad, d’airigheadar an focal adubhras:
“Tá Dia láidir.”
Bhí sean-fhear ann a raibh cosamhlacht dhiadhanta air. Maoise Mhichíl Angeló chuirfeadh sé i gcuimhne dhuit le n‑a fhéasóig fhada bháin, agus a aghaidh uasail…acht ar chlos dó an focal adubhras-sa, thosuigh sé ar Dhia-mhasladh agus ar easgaine agus ar na seacht mionna déag a