Nach orm a bhí an t‑ádh nár phósas í siúd. Nach orm a bhí an t‑ádh gur mhasluigheas mo mhuintir? Ní bheidís ar mo thóir feasta.…
A Sheóirse Fott, molaim thú. Marach thú, a Sheóirse ghil Fott, bhéinn gan posta go ceann i bhfad. Go n‑éirighidh an saoghal leat, a Sheóirse. Go raibh bhean ar do mhian agad, a Sheóirse! go raibh clann gan droch-bhéas agad, a Sheóirse!
San oidhche i mbárach béad ag faire dhuit, a Sheóirse. Beidh an droch-shaoghal thart. Beidh an saoghal nua tagtha.
D’fhéachas isteach i lochán uisge go bhfeicfinn an raibh aon droch-chosamhlacht orm. Ba dhóigh liom nach raibh. Bhíos ar fheabhas, cheapas. Nuair a bhéadh an punnt sin sa tseachtmhain agam d’fhéadfainn mé féin a ghléasadh. Punnt san tseachtmhain! Ní fhéadfadh duine pósadh air…acht dá mbéadh an bhean ag saothrughadh airgid freisin? Dá mbéadh punnt eile aici-se, bhéadh an sgéal go maith againn…agus ní bhéinn ró-shean nuair a bhéadh an chlann ag éirghe suas ’mo thimcheall. Ní’lim mórán le deich mbliadhna fichead fós…dá mbéadh an dá phunnt ’san tseachtmhain agam, ní bhéadh stródh ar bith orainn roinnt bheag a chur i dtaisge gach seachtmhain. B’fhéidir go n‑éireóchadh linn an oiread a bhailiughadh is thabharfadh go hÉirinn sinn ’san samhradh. Do dhéanfadh deich bpunnt cúis.…Acht ní fhéadfainn cuairt a thabhairt ar mo bhaile dhúthchais go mbéadh dearmad déanta ag cách ar m’eachtraíbh tráth bhíos ar an mbóthar leis an bhFear Buidhe.
Nach orm a bhí an t‑ádh nár phósas a inghean?
An bhean a bhéadh agam (an bhean atá agam ba chóra dhom a rádh, mar bhí sí fáighte agam cheana ’sna brionnglóidíbh); an bhean a thoghfainn bhéadh sí árd dubh; bhéadh a dhá súil ar dhath an áirne; a leaca ar dhath an róis; agus a béal.…Chuimhnigheas ar a raibh de mhnáibh áilne ar an saoghal ariamh ó Helen na Gréige anuas, agus b’fhacthas dom nach raibh aon bhean díobh chomh háluinn chomh huasal leis an mnaoi