Page:Deoraidheacht (1920).pdf/16

This page has been validated.
16
Deoraidheacht

’chuile dhuine. Ní dheárnas cúl-chaint ar éinne. Níor chuireas achrann ar bun. Bhíos lághach cineálta le cách….

Leis an mór-mholadh thug sé dhom, cheapas nach raibh mo leithéid eile ar dhruim an domhain. Mhol sé mé mar mholfadh file a leannán. Agus is fíor-fhile a bhí ann. Bhí an chaint a sgaoil sé uaidh garbh. Bhí an iomad droch-fhocal ann. Acht is ó n‑a chroidhe a tháinic sí agus chorruigh sí a lucht éistthe go mór. Chorruigh an chaint mé féin, freisin, agus nuair a dubhairt sé leis an bhfear a chuidigh liom síos an staighre “é” a thabhairt isteach, ghabh mór-iongnadh mé, mar tháinic sé chugainn agus cathaoir bheag a raibh dhá roth mhóra faoi cheann dhi agus dhá roth bheaga faoi’n gceann eile dhá tiomáint aige.

Dubhairt an fear mór go bhfaca sé an chathaoir i siopa; gur cheap cuid aca go bhfeil­feadh sí dhomh-sa go deas; gur chean­nuigh­eadar í le n‑a tabhairt dom; go bhféad­fainn a dhul ó áit go háit go deas réidh innti; nach mbéadh aon stródh orm turas fada a thabhairt agus an gléas iomchuir seo agam; go ndéan­fainn mo leas dá ngabhainn isteach ’san gcathaoir anois féin go bhfeic­fidís mé.

Chuaidh. Agus ghluais liom suas agus anuas an seómra fada go breágh réidh. Leis an áthas agus an lúthgháir a bhí ar na fearaibh fáin seo, cheapfá gur dream gearr-bhodach a sgaoilfí abhaile ó’n sgoil a bhí ionnta. Ní rabhadar sásta gur thugas turas an tseómra a hocht nó a naoi de uairibh.

Ghabhas buidh­eachas leó uile go léir, agus annsin thos­uigheadar ag imtheacht i ndiaidh a chéile.

Ní ró-fhada go rabhas liom féin in mo chathaoir ’san seómra mhór úd. Bhíos ag éisteacht leis an torann taobh amuigh ar an tsráid. Chuaidh fear thart. Leis an gcaoi a raibh sé ag bualadh na leacracha le n‑a mhaide déarfainn go mba dall nó bacach a bhí ann. Bhí truaigh agam dhó. Dá mbéadh mo ghléas iomchuir-se aige! Bhí mo chroidhe lán de bhuidh­eachas agus de ghrádh. Ní dhéan­fainn dochar d’aon ní