Page:Deoraidheacht (1920).pdf/17

This page has been validated.
17
Deoraidheacht

beó. Le chomh te is bhí an teine tháinic codladh orm. Acht tháinic an codladh orm i leabaidh a chéile, agus ag tuitim ’mo chodladh dhom, shíleas nach raibh aon fhear beó chomh sonasach liom.

Bhí an oidhche ann nuair a dúis­igheadh mé.


IV.

Tá tús an Aibreáin ann, acht má tá féin, ní’l an geimh­readh thart fós. Seacht­mhain ó shoin cheapas go raibh an aimsir bhreágh ar fagháil. Bhí dul amudha orm. Nuair a dhearcas amach thríd an bhfuin­neóig ar maidin indiu, ar dhúis­eacht dhom, céard a bhí le feiceál agam acht an sneachta!

Níor éirigheas. Go deimhin féin duit, táim ’san leabaidh fós. Tá páipéar agus peann luaidhe i ngreim agam. Tá an chos adhmuid ar chathaoir le mo thaobh. Tá ocras ag teacht orm. Le dhá lá ní mórán d’itheas. Ruainne aráin—b’in a méid, mar bhí leisg orm mo leath-shobharan deir­eannach a bhriseadh.

Beirim air anois agus toisighim ’ghá chaith­eamh ó láimh go láimh. Caithim suas ’san aer é. Beirim air ag teacht anuas dhó. Cuirim ’mo bhéal é. Cheapaim greim a bhaint as. Nach é tá cruaidh? Cuirim faoi’n leabaidh é, agus leigim orm féin nach bhfuil agam acht an phighin atá ’mo phóca.

Pighin! Aon phighin ruadh amháin a bhí idir mé agus an bás! An fada go bhfuigh­eadh duine bás leis an ocras? Bhíos trí lá gan aon bhlas ithe uair, agus an tríomhadh lá níor airigheas aon ocras orm ar chor ar bith. Is ag lagh­dughadh a bhéadh pianta an ocrais de réir mar bhéadh an bás ag teannadh leat go dtí go dtiocfadh meisge an ocrais, buile an ocrais ort. Agus cé’n chaoi a dtioch­fadh an bás féin? ’N‑a ghadaidhe ghránna agus a dhruim le claidhe,