Page:Deoraidheacht (1920).pdf/20

This page has been validated.
20
DEORAIDHEACHT

géar, ní dhíolfainn ar chor ar bith é. ’Seadh, tabhair luach na leabthan dom ar an méid seo. Tá leath-phunnt ann, má tá únsa.”

Chraitheas mo cheann. Bhíos ar tí imtheacht.

“B’fhéidir go gceann­óchthá é seo,” ar seisean, “piostal breágh agus cos airgid ann. Féach, tá urchar ann. Fainic thú féin, a dhuine! Fainic, adeirim!”

“Cé mhéad?” arsa mise, go neamh­shuimeamhail.

Bhíos sásta mo leath-shobharan deiridh a thabhairt dó air. Ní raibh fhios agam an uair sin, agus an bheirt againn ’n‑ár seasamh faoi lóchrann sráide cois na habhna i gCathair an Dorcha­dais, cé an dúil nimhe bhí agam ann, acht bhí. Bhí draoidh­eacht éigin ann. Bhí diabh­laidheacht éigin ’san bpiostal úd a raibh an chos airgid ann nár leig dom imtheacht go raibh sé i dtaisge agam i bpóca a bhí ar chúl mo bhrísde.

Bhí an máir­néalach sásta é dhíol ar phíosa coróin­each, bhí an t‑airgead ag teasdáil uaidh chomh mór sin. B’ait an margadh bhí ann, cheapas, agus d’imthigh linn beirt go mbrisfinn-se mo leath-shobharan i dteach óil a bhí i ngar do’n abhainn.


V.

Táim féin agus an máir­néalach ag ól ar ár ndícheall. Is beag de’n airgead bhéas fágtha ag ceachtar againn thar éis na hoidhche agus is cuma linn do réir cosamh­lachta.

D’imthigh leith-bhliadh­ain ó d’ólas deór cheana, agus airighim an t‑ól ag dul trí mo chorp mar bhéadh sruthán teineadh ann. Ní’l ball díom nach moth­uighim ann é. An brón mór agus an droch-chroidhe bhí orm ar maidin ’san teach lóisdín táid sgartha liom. Gníomh ar bith dá ndeárnadh ariamh tig liom-sa a dhéanamh, má’s fíor dhom féin.

Tháinic an chaint chugam. Thos­uigheas ar sgéal­taibh iong­-